Tá go leor bóithre in oirthear agus i ndeisceart na tíre faoi uisce mar gheall ar an mbáisteach throm. Deir Met Éireann nach nglanfaidh an bháisteach throm sna háiteaacha sin go dtí thart ar 9 a chlog ar maidin amárach. 

Baile Átha Cliath, Lú, an Mhí, Muineachán, Cill Mhantáin agus Loch Garman na contaetha is mó atá i gceist, ach tá Port Láirge agus Corcaigh buailte ag an drochaimsir freisin. 

Deir Met Éireann go mbeidh gaoth láidir agus báisteach throm in áiteacha arís anocht agus amárach. 

Cill Dhéagláin, Co na Mí