Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i dTrá Lí, ciontaíodh fear 28 bliain d'aois i máthair agus iníon a dhúnmharú ina dteach cónaithe i gCo Chiarraí anuraidh. Gearradh dhá théarma príosúin saoil ar Aurimas Andruska faoi Jolanta agus Enrika Lubiene a dhúnmharú.

Sádh an bheirt ina dteach cónaithe i gCill Orglan i mí an Mheithimh 2013. 

Dúradh le linn na trialach gur ionsaí brúidiúil agus leanúnach a rinneadh ar Jolanta, 27 bliain d'aois, agus Enrika a bhí ocht mbliana.