Tá na Coimisinéirí Ioncaim ar thóir na milliúin euro ó oibrithe a rinne brabach nuair a dhíol siad scaireanna i gcuid de na comhlachtaí is mó sa tír seo.

Ba léir áfach nár íocadh aon cháin ar an airgead.

Tuigtear anois go mbeidh na Coimisinéirí ag iarraidh ar na hoibrithe sin a ndliteanas cánach a sheasamh ina leith seo.

Tá fostaithe áirithe in oifig an chomhlachta Google i mBaile Átha Cliath san áireamh anseo.

Deir Google gur faoina hoibrithe féin atá sé an cháin a íoc sa chás seo agus nach mbaineann sé leis an gcomhlacht féin.

Beidh córas nua ar líne á sheoladh an bhliain seo chugainn, tráth a dtabharfaidh comhlachtaí eolas faoina bhaill foirne a rinne airgead as scaireanna a dhíol.