Tá oibrithe an ollmhargaidh Dunnes Stores, ar baill den cheardchumann Mandate iad, sa Chúirt Oibreachais inniu agus iad ag éileamh coinníollacha oibre níos fabhraí. Cinnteacht faoina n-uaireanta oibre agus faoina dtuarastail is mó atá uathu, a deir siad.

Deir na hoibrithe nach bhfuil aon chinnteacht ag baint lena dtuarasatail mar go n-athraítear a gcuid uaireanta oibre ó sheachtain go seachtain go minic. 

Idir 15 agus 38 uair oibre sa tseachtain a d'fhéadfadh a bheith i gceist. Más 15 uair a oibríonn siad, deir siad go bhfaigheann siad pá níos lú ná an ghnáthíocaíocht leasa shóisialta.

Tá na hoibrithe ag iarraidh freisin go mbeadh sé de cheart ag Mandate dul i mbun margáintíochta le Dunnes Stores thar a gceann. 

Níl Dunnes Stores sásta páirt a ghlacadh san éisteacht sa Chúirt Oibreachais.

14,000 duine atá fostaithe i 112 ollmhargadh Dunnes Stores sa Phoblacht.