Tá imní ar lucht gnó i gCorr na Móna, Co na Gaillimhe, nach bhfuil an 138 post a fógraíodh don dúiche ag tús na bliana curtha ar fáil go dtí seo. Bhí na poist geallta ag an gcomhlacht cógaisíochta Ros Dumhach a tháirgíonn toitíní leictreonacha. 

Tá ionad táirgíochta ag an gcomhlacht i gCorr na Móna ach níl aon obair ar siúl ann. Tuigtear do Nuacht RTÉ nach bhfuil fostaithe ach beirt go dtí seo.

Bhí an comhlacht leis an táirgíocht a aistriú ón tSín go Corr na Móna, agus dúradh go raibh infheistíocht €5 mhilliún le déanamh sa tionscnamh. Bhí €1 mhilliún le teacht ó Údaras na Gaeltachta.

Dúirt urlabhraí Údaras na Gaeltachta le Nuacht RTÉ tráthnóna go raibh deacrachtaí faoi leith ag baint leis an tionscnamh le cúpla mí. Dúirt sé freisin go bhfuil an comhlacht le dul i mbun earcaíochta roimh dheireadh na bliana seo.

Níl aon airgead íoctha ag an Údaras leis an gcomhlacht fós, a dúirt an t-urlabhraí.