Tá an comhlacht Randox Teoranta sa Chlochán Liath i gCo.Dhún na nGall le breis is 470 post a chruthú idir seo agus 2020.

Comhlacht diagnóisic leighis é Randox, tá 66 duine fostaithe aige cheana fhéin sa Chlochán Liath.

Tá monarcha aige ansin ó 2008.

Tá tacaíocht aige ó Údarás na Gaeltachta.

Infheistíocht €25m atá le déanamh i Randox as seo go ceann 6 bliana.

Deirtear go mbeidh postanna d'ard scile á dtairiscint ag Randox, agus beidh eolaithe, innealtóirí chomh maith le daoine le cáilíochtaí eile á bhfostú acu.