Cuireadh tús i dTrá Lí inniu le triail fir 27 bliain d'aois atá cúisithe i máthair agus iníon a dhúnmharú i gCo Chiarraí anuraidh. Tá Aurimas Andruska, arb as an Liotuáin ó dhúchas é, ag pléadáil neamhchiontach sna cúisimh. 

Bhí Jolanta Lubiene, Liotuánach ó dhúchas freisin, ag cur fúithi i gCill Orglan in éineacht lena hiníon ocht mbliana, Enrika, ar feadh cúig bliana sular maraíodh iad. 

Fuarthas a gcoirp ina dteach cónaithe in eastát ar an mbaile ar 16 Meitheamh 2013. Léirigh na scrúduithe iarbháis gur sádh an bheirt roinnt babhtaí. 

Tá imeachtaí na trialach á n-aistriú go Liotuáinis ar son Aurimas Andruska. Meastar go mairfidh an triail ceithre seachtaine.