Tá cóir leighis á cur ar bheirt sa Spáinn ar eagla go bhfuil an víreas Ebola tolgtha acu. Tá sé deimhnithe go bhfuil an víreas tolgtha ag an gceathrú duine - banaltra i Maidrid a chuir cóir leighis ar shagart a tháinig as Siarra Leon agus an víreas air. 

Bhásaigh an sagart tamall ina dhiaidh sin.

Creidtear gurb í an bhanaltra an chéad duine taobh amuigh de thíortha na hAfraice a tholg an víreas. Tá a fear céile i measc na beirte a bhfuil cóir leighis á cur orthu. 

Tá an tAontas Eorpach ag iarraidh ar na húdaráis sa Spáinn míniú a thabhairt ar an méid a tharla.