Glacann Oibrithe Iarnród Éireann le moltaí ciorraithe costais féachaint le fadhbanna airgid an chomhlachta a réiteach.

Vótáil baill an cheardchumainn SIPTU agus Ceardchumann na n-Oibrithe Bus agus Iarnróid,  nó'n NBRU i bhfábhar na moltaí inniu.

71% d'oibrithe atá i SIPTU a vótáil ar son na moltaí, bhí 29% ina gcoinne.

61% den fhoireann oibre sa NBRU a bhí i bhfábhar na moltaí, 39% a bhí ina gcoinne.

Ghlac trí cheardchumann eile in Iarnród Éireann roimhe seo leis na moltaí.

An Coimisún um Chaidreamh Oibreachais a chuir na moltaí le chéile, féachaint leis an aighneas seo faoi chiorraithe pá atá ar siúl le fada in Iarnród Éireann a shocrú.

Tharraing  an t-aighneas dhá lá stailce i mí Lúnasa seo caite.

D'fháiltigh Iarnród Éireann inniu roimh thorthaí na mballóidí.

Cuirfear ciorraithe pá i bhfeidhm sa chomhlacht ar feadh 25 mí.