Tuairiscítear ón tSiria gur maraíodh 30 páiste ar a laghad nuair a phléasc dhá bhuama taobh amuigh de scoil i gcathair Homs atá faoi smacht ag dílseoirí an Uachtaráin Bashar al-Assad.

De réir na dtuairiscí, phléasc an chéad buama a bhí fágtha i ngluaisteán taobh amuigh den scoil. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin phléasc fear i ngluaisteán buama eile agus é ag tiomáint thar an scoil.