Cuirfear fáilte chroíúil roimh Mhéara Bhostúin Marty Walsh go ceantar Chonamara ag deireadh na seachtaine seo.

Beidh ócáid mhór i dTeach Scríbe oíche Dé Luain seo chugainn nuair a bheas deis ag an bpobal casadh leis an Méara, ar de bhunadh Chonamara é.

Ag labhairt di ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Máirín Ní Mhainnín Uí Chaodhna ón gCoiste Fáiltithe gur ócáid mhór í seo do Chonamara ar fad. Léiríonn sé, a deir sí, an meas atá ag an Méara ar phobal Chonamara agus é sásta teacht chun an cheantair sa chéad bhliain dá théarma.

Is as Caladh Mhaínse athair Marty Walsh agus is as Ros Cíde a mháthair.