Tá freagracht ag an gCoimisinéir Talamhaíochta do nach mór 40% de bhuiséad iomlán an AE.
D'ainmnigh an Taoiseach Enda Kenny an tUasal Hogan, ar as Cill Chainnigh ó dhúchas é, mí Iúil seo caite.
Ba é Ray McSharry an t-aon Éireannach eile a ceapadh ina Choimisinéir Talamhaíochta.
Beidh forbairt tuaithe mar dhualgas air mar Choimisinéir freisin.
Tá tuarastal bliantúil de €250,000 ar a laghad luaite lena cheapachán.
Beidh ar na coimisinéirí nua dul faoi shraith éisteachtaí sula mbeidh a gceapacháin faomhtha.
Ceisteofar an tUasal Hogan go dian faoina fhís don bpost agus faoina thréimhse mar aire.
Glacfar nó diúltófar leisn an gCoimisiún ina iomláine nuair a bheidh an chéad seisiún iomlánach an mhí seo chugainn.
Bhí deacrachtaí ag an Uachtarán Juncker an coimheá inscne a shásamh, gan ach naoiniúr ban ceaptha sa Choimisiún.
Má glactar leo ar fad, rachfaidh an Choimisiún i mbun oibre ar an 1ú Samhain.
D'fháiltigh an tAire Talamhaíochta Simon Coveney roimh an cheapachán á rá dó gurb seo an ceapachán a bhí á lorg ag an Rialtas le cúpla mí anuas agus go bhfuil an earnáil talamhaíochta mar cheann de na príomh-thiománaithe i ngeilleagar na hÉireann.