Gabhadh beirt fhear sa Tuaisceart maidir le dúnmharú Danny McKary. Lámhachadh Danny McKary, 36 bliain d'aois, roinnt uaireanta agus é ina theach in Iarthar Bhéal Feirste oíche Dhéardaoin.

Deir iar-Phríomhaire na hIodáile, Silvio Berlusconi, go bhfuil an téarma príosúin bliana a gearradh air as imghabháil cánach dofhulaingthe agus polaitiúil. Ag labhairt dó ar raidió náisiúnta na hIodáile aréir, dúirt an Silvio Berlusconi go raibh an tír míshibhialta, barbartha agus nach raibh sí daonlathach níos mó.