Maraíodh bean a bhí os cionn 30 bliain d’aois nuair a bhuail dhá charr faoina chéile i gCo Cheatharlach aréir. Tharla an timpiste i Ráth Tó taobh amuigh den bhaile ar bhóthar Loch Garman go gairid roimh 7.30 aréir.

Reachtáilfear toghchán parlaiminte sa nGréige Dé Domhnaigh seo chugainn. Sé inniu an lá deiridh a mbeidh na polaiteoirí sa tír sin i mbun stocaireachta.

I Mauritius inniu ag triail bheirt fhear atá cúisithe i ndúnmharú Michaela McAreavey taispeánadh pictiúir CCTV don nGiúiré ón bhfáiltiú in Óstán Legends an lá a maraíodh Michaela McAreavey. Maíonn an tIonchúiseamh gur Gearmánaigh iad an lánúin atá san fhíseán, ach deir dlíodóirí cosanta na trialach gurb iad John agus Michaela McAreavey atá ann.

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny inniu ná fuil aon cheist faoi iomarcaíocht éigeantach sa tseirbhís phoiblí, fé láthair, mar go bhfuil airgead á shábháil ag an Stát mar gheall ar Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh.

Tá corraíl pholaitíochta san Éigipt arís tar éis don gCúirt Uachtarach a rialú go raibh toghcháin pharlaiminte na bliana anuraidh neamhdhlisteanach. Rialaigh an Chúirt go gcaithfí an Pharlaimint a scor agus toghcháin nua a ghairm.

Ag Cúirt Choiriúil Chuarda Bhlá Cliath inniu fritheadh mac an iar-fheisire Eorpach Proinsias De Rossa neamhchiontach in ionsaí a dhéanamh air ag a dtigh cónaithe i mBleá Cliath mar go raibh sé as a mheabhair.