Tá tuismitheoirí leanaí a bhí san Aonad Dianchúraim in Ospidéal Ríoga Bhéal Fheirste, fós ag fanacht le torthaí ó mhaipíní a tógadh ó chraiceann na leanaí. Tá tástálacha déanta ar thrí leanbh is fiche i ndiaidh do thriúr leanbh bás a fháil mar gheall ar an ráig d'ionfhabhtú baictéarach, Pseudomonas.

Sa tSiria, maraíodh duine déag in ionsaí buamála i gCúige Idlib in iarthuaisceart na tíre. Tuairiscítear gur phléasc an buama ar mhionbhus a bhí ag iompar príosúnach.