Eagarthóir Eacnamaíochta Nuacht RTÉ, George Lee, le hainmniúchán a lorg le bheith ina iarrthóir d'Fhine Gael sa bhfo-thoghchán i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas an mhí seo chugainn.

Meastar go bhfógróidh an páirtí níos deireanaí inniu gurb é George Lee a bheidh san iomaíocht thar a gceann.

beartas fógartha ag grúpa ollmhargaí Tesco a bhfuil sé mar aidhm aige líon na ndaoine a théann trasna na teorann lena gcuid siopadóireachta a dhéanamh a laghdú.

Tá a phraghsanna íslithe ag an gcomhlacht in aon cheann déag dá shiopaí cois teorann. D'fháiltigh Comhlachas Tráchtála Dhroichead Átha roimh an bheartas.

sé molta ag Uachtarán Mheiriceá, Barack Obama, leasaithe a dhéanamh ar pholasaí cánach idirnáisiúnta na Stát Aontaithe. Tá na leasaithe dírithe ar chomhlachtaí Meiriceánacha a sheachnaíonn cáin nuair a théann siad i mbun gnó thar lear.

D'fhéadfadh impleachtaí móra a bheith ag na moltaí ar chomhlachtaí Meiriceánacha atá lonnaithe sa tír seo.

Tá an tUachtarán Obama ag iarraidh deireadh a chur le haistriú postanna ó Mheiriceá go tíortha ina bhfuil rataí cánach isle.

Maraíodh fear sna tríóchaidí i dtionóisc bóthair i Luimneach go moch ar maidin.

Tharla an tionóisc sa Gharraí Rua idir Thobar Phádraig agus Cromadh. Gluaisteán amháin a bhí i gceist.