skip to main content

Cinnlínte Nuachta

na mílte ag freastal ar shochraidh an Chonstábla Stephen Carroll atá ar siúl i nDroichead na Banna, i gContae an Dúin fé láthair.

Tá an tAire Dlí agus Cirt, Dermot Ahern agus Coimisnéir an Gharda Síochána, Fachtna Murphy i láthair chomh maith le hionadaithe ó Shinn Féin.

Maraíodh Stephen Carroll in eastát i gCraigavon Dé Luain seo caite. Grúpa poblachtach easaontach a mharaigh é.

Beidh Tony O'Reilly ag éirí as mar phríomhfheidhmeannach ar Independent News and Media.

Tá sé ina stiúrthóir ar an nGrúpa ó 1973. Tá fáilte curtha ag duine de mhórscairshealbhóirí an chomhlachta, Denis O'Brien, roimh an scéal. Tá aon cheathrú de scaireanna an chomhlachta ag an Uasal O'Brien.

Tuairiscítear go bhfuil dul chun cinn déanta sna comhráití atá ar siúl fé láthair féachaint an bhféadfaí réiteach a fháil ar an aighneas i gComlacht Bhus Átha Cliath.

Táthar ag súil go mbeidh an dréacht deireanach den gcáipéas comhréitithe ullamh luath tráthnóna inniu.

srianta tráchta i bhfeidhim i mBaile Átha Cliath fad is atá mairseáil atá eagraithe ag oibrithe SR Technics ar siúl.

Tá na fostaithe ag léirsiú mar go bhfuil an comhlacht le dúnadh agus scaoilfear 1,100 duine chun siúil.