Bain Croitheadh as!

Ag Déanamh Ime

An aidhm atá leis an taispeántas seo ná an t-uachtar a scaradh i ndá chuid, solad agus leacht.

 Ag teastáil uait:

  • 1 cartán uachtar dúbailte nó singil 
  • 1 próca le claibín 
  • 1 gloine
  • 1 pláta
  • Do dhroim a chur leis!

Nod - Má tá coimeadán plaisteach agat cuir mirlín glan sa meascán sula dtosnaíonn tú ag croitheadh chun dlús a chur leis an bpróiseas. 

Modh

  • Tóg an t-uachtar amach as an gcuisneoir thart ar uair an chloig sula dtosnaíonn tú.
  • Líon do phróca go dtí go mbíonn sé leathlán le huachtar agus fáisc an claibín go teann air.
  • Cuir ceol ar siúl
  • Croith an t-uachtar suas agus síos
  • Tar éis cúpla nóiméad tosnóidh an t-uachtar ag fáil níos tiubhe, agus ní mhothóidh tú an leacht ag slaparnach a thuilleadh. Lean ort ag croitheadh! 
  • Tá seans go dtógfaidh sé seo tamall mar sin má fhaigheann do lámha tuirseach iarr ar dhuine éigin eile sa teach ionadaíocht a dhéanamh duit ar feadh scaithimh. 
  • I ndiaidh cúpla nóiméad eile, cloisfidh tú an leacht arís.  Ná bíodh imní ort, níl an meascán ag iontú ar ais go huachtar, tá sé tosnaithe ag scaradh. Lean ort ag croitheadh! 
  • Tar éis 10 – 15 nóiméad ba chóir go mothódh tú go bhfuil meall soladach mór sa phróca in éineacht leis an leacht. 
  • Oscail do phróca agus doirt an leacht bán isteach i ngloine. Im atá sa mheall soladach buí, croith amach ar phláta é. 

Is féidir leat an bhláthach a úsáid in oidis ar nós pancóga, borróga, nó arán (oideas do arán álainn thíos). 

Sruthlaigh an t-im le huisce chun fáil réidh le haon bhláthach, déan é a fhuineadh agus tú á shruthlú. Ní bheidh cor san im má dhéanann tú é seo. Is féidir beagán salann a chur leis an im le blas níos deise a chur air agus ansin tá d'im álainn réidh le hithe.  

An Píosa Eolaíochta - Is meascán é an t-uachtar. Tá sé comhdhéanta de bhraonacha bídeacha uisce meascaithe le braoiníní saille agus próitéin. Nuair a chroitear an t-uachtar sa phróca greamaíonn na braoiníní saille le chéile, agus an toradh ná im. Tá próitéin sa chuid lachtach agus sin í an bhláthach. 

  

Níl tada níos fearr ná Arán agus Im!

Oideas: Arán Caiscín

 Comhábhair - 

  • 425g / 1lb plúr caiscín
  • 1 spúnóg mhilseoige ginidín cruithneachta 
  • 1 spúnóg mhilseoige bran
  • 275ml / ½ phionta bláthach
  • 1 taespúnóg sóid aráin
  • 1 taespúnóg siúcra donn
  • 2 taespúnóg ola polai-neamhsháithithe
  • 1 ubh meánmhéide

Modh

  • Réamhthéigh an t-oigheann go 180°C / 350°F / Gásmharc 4
  • Measc na comhábhair le chéile go maith
  • Doirt an meascán isteach i stán builín smeartha go héadrom le hola
  • Bácáil san oigheann réamhthéite ar feadh 15 nóiméad
  • Ísligh an teas go 150°C / 300°F / Gásmharc 2 agus bácáil ar feadh 40 nóiméad eile

Oideas le fáíl ag safefood.eu 

Rabhlóg Ime 

Betty Botter

Betty Botter bought some butter,  But she said, "This butter's bitter!
If I put it in my batter,
It will make my batter bitter.
But a bit of better butter 
Will make my batter better."
So, she bought some better butter,
put it in her bitter batter
And it made her batter better!
So 'twas better Betty Botter
bought a bit of better butter.

Aimsigh 10 difríochtaí idir an dá phictiúr

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Freagraí