Réaltbhuíonta Comónta

I gceacht Tíreolaíochta an lae inniu, d'inis Múinteoir Clíona dúinn faoi réaltbhuíonta. Réaltbhuíon is ea grúpa réaltaí sofheicthe a dhéanann pátrún nuair a bhreathnaítear orthu ón Domhan.

Is féidir le cruth ainmhí a bheith sa phátrún, neach miotaseolaíoch, fear, bean nó réad neamhbheo cosúil le micreascóp, compás nó coróin. 

Tá cuid de na réaltbhuíonta níos éasca le feiceáil i spéartha na hÉireann san oíche.  Seo na cinn is comónta go mb’fhéidir go bhfeicfeá, agus an pátrún a dhéanann siad:

Déan Réaltbhuíon

Dá mbeadh tú ábalta do réaltbhuíon féin a chruthú, cén chuma a bheadh air?  Cén cineál cruth a bheadh aige?  Cén scéal a bheadh taobh thiar dó? 

Tarraing do cheann féin agus scríobh cuntas faoin gcuma atá air agus cén fáth go bhfuil sé mar atá.  Seol isteach chugainn é más féidir leat – ba bhreá linn é a fheiceáil!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Star Man: David Bowie

  • David Robert Jones an t-ainm a bhí ar David Bowie nuair a saolaíodh é i Londain ar an 8ú Eanáir 1947 (an breithlá céanna le Elvis!).
  • Má fhéachann tú ar Bowie i bpictiúr nó físeán ceoil, seans go dtabharfaidh tú faoi deara go bhfuil cuma difriúil ar a chuid súile agus seo de bharr go bhfuair sé buille sa tsúil agus é ina leaid óg.
  • Thosaigh sé ag seinm an sacsafón nuair a bhí sé 12 bliain d'aois.
  • D’úsáid an BBC a chéad cheirnín mórdhíola i Sasana (Space Oddity i 1969) dá dtuairisciú ar an tuirlingt ar an ngealach.
  • Creidtear gur dhíol Bowie thart ar 140 milliún albam i gcaitheamh a shaoil!
  • I 2007, rinne Bowie guthú ar an gcarachtar Lord Royal Highness i SpongeBob Squarepants.
  • Bhí tarraingt, dealbhóireacht, péinteáil agus scríobh mar chaitheamh aimsire ag Bowie.

Seo ceann dá chuid amhráin cáiliúla, agus is fiú éisteacht leis agus tú ag réaltóireacht ar thóir na réaltbhuíonta éagsúla:

Songwriter:  David Bowie
Producers:  David Bowie & Ken Scott

Tráth Na gCeist Tapa

  1. Cén t-ainm a bhí ar David Bowie sular athraigh sé é?
  2. Conas ar ghortaigh sé a shúil chlé?
  3. Go garbh, cé mhéad ceirnín ar dhíol sé i gcaitheamh a shaoil?
  4. Duine ildánach ab ea é, céard eile a rinne sé?
  5. Bhí páirt ag Bowie i Spongebob Squarepants ach cén t-ainm a bhí ar a charachtar?

Tóg Bowie

Bhí cáil ar David Bowie as a chuid feistis ealaíonta.  Cén fáth nach ndéanann tú dearadh ar do Starman féin ag úsáid an teimpléad seo?  Bí chomh cruthaitheach agus is féidir leat!

Páirc Spéir Dhorcha Mhaigh Eo

An raibh a fhios agat go bhfuil an chéad Pháirc Spéir Dhorcha in Éirinn le fáil i gCo. Mhaigheo, áit gur féidir cuid de na spéartha is dorcha agus is áille ar domhan a fheiceáil?

Tá an oiread gur féidir leat a fháil amach díreach ó bheith ag féachaint ar spéir na hoíche in Éirinn. Nuair atá an oíche gheal, is féidir leat os cionn 4,500 réalta atá ag glioscarnach a fheiceáil, maraon leis na plainéid eile atá sa ghrianchóras, Bealach na Bó Finne agus fiú dreigecheathanna le do dhá shúil féin!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Freagraí - Tráth na gCeist Bowie

1. David Robert Jones   2. Buille sa tsúil agus é óg  3. 140 milliún   4. Tarraingt, dealbhóireacht, péinteáil, scríobh.    5. Lord Royal Highness