Déan É: Maisiúcháin Lonracha!

Seo roinnt maisiúcháin deasa gur féidir leat a dhéanamh, le do theach a mhaisiú do bhreithlá, nó fiú chun cuma níos deise a chur ar an áit do na daoine go bhfuil tú i do chónaí leo!

BOBAILÍN

Ag teastáil uait:

  • Olann Daite
  • Cairtchlár (oibríonn bosca gránaigh dó seo)
  • Marcóir / Peann Luaidhe
  • Siosúr

Conas é a dhéanamh:

Céim 1: Tarraing dhá dhiosca mór ciorclacha ar an gcairtchlár. Úsáid gloine don teimpléad do na dioscaí.

Céim 2: Tarraing ciorcal níos lú sa lár (úsáid bonn chun é a dhéanamh níos éasca!).

Céim 3: Déan gearradh ón gciorcal lasmuigh go dtí an ceann níos lú agus gearr amach an ciorcal beag.

Céim 4: Cuir na dioscaí cairtchláir le chéile agus cas d'olann thart orthu. Dá mhéad olann a chasann tú thart air, is ea is clúmhaí a bhéas an bobailín!

Céim 5: Tosnaigh ag gearradh an olla, trí an siosúr a bhrú idir an dá dhiosca. Sea is féidir leis a bheith amscaí!  Déan cinnte go bhfuil siosúr maith agat agus bí cúramach agus tú á úsáid!

Céim 6: Ceangail píosa fada olanna go cúramach idir an dá dhiosca cairtchláir agus timpeall ar do bhobailín. Bíodh sé chomh teannta agus is féidir.

Céim 7: Tarraing amach an bobailín, agus tá tú réidh!

SRAOILLEÁIN

Ag teastáil uait:

  • Gliú
  • Páipéar síprise daite

Céim 1: Tóg dhá stiall daite de pháipéar síprise agus ceangail an dá cheann le gliú, dronuilleach lena chéile

Céim 2: Fill stiall amháin thar a chéile, agus thar an gcéad cheann eile agus ar aghaidh leat mar sin go dtí go mbíonn gach ceann fillte agat le chéile.

   

Céim 3: Ceangail an dá cheann le gliú nuair atá siad fillte agat, agus ta da!  Tá do sraolleán féin déanta agat!

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Spraoi Le Méarphuipéad

Má tá cóisir le bheith agat, cén fáth nach ndéanann tú seó puipéad do na cuairteoirí? Is féidir leat rud chomh simplí le méarphuipéid a úsáid. 

Cum do scéal féin leis na méarphuipéid (scríobh script fiú) agus ansin iarr ar na cuairteoirí a bheith 'ina n-aisteoirí'  agus cuir seó ar siúl do gach éinne!  Seo cuid de na puipéid gur féidir leat a úsáid, más mian leat, níl le déanamh ach iad a ghearradh amach agus ansin gliúáil na bandaí ar do mhéara a oireann tú.  Bain sult as!

Cuardach Focal Casta

Féach an féidir leat na focail a bhaineann le breithlá a aimsiú sa chuardach focal. Seo cuardach focal fiarlán, is féidir leis na focail dul ar chlé, ar dheis, suas agus síos. Ní théann siad go trasnánach agus is féidir leo lúbadh go dronuilleach, cosúil leis an sampla atá déanta againn duit.  Go n-éirí leat!

[Tá an réiteach ag bun an leathanaigh más mian leat é a sheiceáil nuair atá tú críochnaithe.]

Tomhas Lá Breithe

Céard a théann suas ach nach dtagann anuas riamh?

Answer:  Do aois.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Answer