Céad-Chearnóg
Úsáid an Céad-Chearnóg chun na freagraí a fháil ar na ceisteanna mata thíos.Tá ort cuid de na ceisteanna a shuimiú agus cuid eile a dhealú. Is féidir do chuid freagraí a sheiceáil ag bun an leathanaigh nuair atá tú críochnaithe, chun fáil amach conas a d'éirigh leat!
Ceisteanna
-
Bhailigh 16 mhoncaí i gcrann chun labhairt faoi cén fáth go raibh daoine ag fanacht sa bhaile na laethanta seo. Tháinig 4 iora chun labhairt leo. Cé mhéad ainmhí a bhí sa chrann ansin?
-
Bhácáil Eric 18 briosca don díolachán cístí. Tá sé chun 15 eile a bhácáil roimh amárach. Cé mhéad briosca a bhéas aige don díolachán cístí ansin?
-
Ag deireadh an lae, ní raibh ach 12 paicéad páipéar leithris ar an tseilf sa siopa. Chuir na hoibrithe díograsacha 40 paicéad eile ar an tseilf. Cé mhéad a bhí ar an tseilf do na custaiméirí an lá dár gcionn?
-
Bhí 64 síol sa bheathadán éan. D'ith spideog 7 gcinn acu agus d’ith glasán 13 eile. Cé mhéad síol a bhí fágtha?
-
Bhí Michelle ar leathanach 88 dá leabhar ach bhí uirthi rud éigin a fhiosrú a léigh sí 25 leathanach ó shin. Cén leathanach a ndeachaigh sí siar chuige sa leabhar?
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Lúbra Mata - Sé Speisialta
An féidir leat cabhrú leis an ngráinneog an toradh a aimsiú? Cuir 6 leis an uimhir gach uair agus beidh a fhios agat cén uimhir go bhfuil ort bogadh go dtí ansin. Dathaigh gach uimhir agus tú ag dul ar aghaidh. Tá an chéad trí chinn déanta chun sampla a thabhairt duit.
Dathaigh De Réir Uimhreacha
Oibrigh amach na freagraí atá ag na suimeanna ar fad, ansin dathaigh an freagra ar an bhféileacán sa dath atá le feiceáil. Mar shampla, 2 + 1 = 3 mar sin dathaigh gach trí ar an bhféileacán sa dath corcra.
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
FREAGRAÍ AR NA CEISTEANNA CÉAD-CHEARNÓG
- 20
- 33
- 52
- 44
- 63