Na Deartháireacha Wright – Ceapadóirí an chéad eitleáin
Ba as Ohio sna Stáit Aontaithe do Orville agus Wilbur Wright. Nuair a bhí siad ina bpáistí thaitin sé go mór leo bheith ag spraoi le mionsamhail de héileacaptar, a mhúscail an tsuim a bhí acu i ngach rud a bhí ábalta eitilt. Agus iad ag dul in aois rinne siad iarracht árthach eitilte a cheapadh.
I 1903 thóg na deartháireacha eitleán darb ainm an Wright Flyer 1. Bhí lián adhmaid agus inneall ag an eitleán. Chaith siad cúpla seachtain lena gcuid iarrachtaí ach faoi dheireadh ar an 17ú Nollaig 1903, d'eitil an Wright Flyer 1 don chéad uair ar feadh 12 soicind. Thaistil sé 120 troigh sular thuirling sé. B’é seo an chéad eitleán faoi chumhacht innill píolótaithe ar domhan.
Fíric shuimiúil: I 1969, b’é Neil Armstrong, arbh as Ohio dó freisin, an chéad duine a shiúil ar an ngealach. I bpóca taobh istigh dá chulaith spáis bhí píosa den sciathán agus lián ón Wright Flyer 1.
Seo cartún faoina scéal dochreidte
Ceisteanna:
Céard iad na hainmneacha iomlána a bhí ar na deartháireacha Wright?
___________________________________________________________________________
Cén bhliain ar éirigh leo a gcéad eitilt a dhéanamh?
___________________________________________________________________________
Cén t-ainm a bhí ar an eitleán?
___________________________________________________________________________
Ag Tástáil d'Eitleáin Páipéir
Bhí rogha mhaith eitleáin ag an Múinteoir Ray a thástáil sé. Tá cineálacha éagsúla thíos go bhféadfá triail a bhaint astu. Déan taifead ar conas a n-eitlíonn gach eitleán i dtábla cosúil leis an gceann seo
Cineál Eitleáin Pháipéir
Uimhir Thrialach |
Tréimhse Eitilte |
Tuairimí faoin Eitilt |
1 | ||
2 | ||
3 | ||
4 |
Breac síos do thuairimí faoi chonas ar eitil an t-eitleán gach uair ar chaith tú é agus aon athraithe go bhféadfá a dhéanamh don eitleán nó faoin tslí gur chaith tú é.
Tástáil na heitleáin laistigh agus lasmuigh go bhfeicfidh tú an bhfuil aon difríocht sa tslí go n-eitlíonn siad.
An bhfuil tionchar ag an aimsir ar an eitilt?
Fíric Shuimiúil - An churiarracht don achar is faide ar eitil eitleán páipéir ná 69.14 méadar agus an churiarracht don eitilt is faide ná 29.2 soicind. Go n-éirí leat!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Cineál 1 – An Saighead
- Faigh bileog pháipéir dronuilleogach
- Fill ina dhá leath chun filltín a dhéanamh agus oscail amach é.
- Fill na cúinní ar barr síos go dtí an filltín láir.
- Fill na ciumhaiseanna barr síos go dtí an filltín láir.
- Fill an t-eitleán ina dhá leath
- Chun na sciatháin a dhéanamh, fill an bhileog san áit atá an líne poncanna ar an dá thaobh
- Oscail amach na sciatháin
- Anois tá sé in am dul ag eitilt!
Cineál 2 - An Fheithid
- Cóipeáil nó priontáil an teimpléad ag bun an leathanaigh.
- Tosaíonn an Fheithid díreach mar a thosaíonn An Saighead.
- Fill na cúinní barr síos go dtí an lár.
- Fill an leathanach ina dhá leath mar a fheiceann tú sa phictiúr.
- Fill ar feadh an (a) líne poncanna ar an dá thaobh.
- Fill an ciumhais biorach ag an mbun suas go dtí an lár.
- Iontaigh an t-eitleán ina dhá leath.
- Fill síos na sciatháin ar feadh an (b) líne poncanna ar an dá thaobh.
- Anois tá tú réidh le dul ag eitilt!
Seo físeán ar YouTube a thaispeánann conas an Feithid a dhéanamh
Cineál 3 - An Faoileoir
- Tosáionn an Faoileoir cosúil leis an dá cheann eile. Fill na cúinní ar barr síos go dtí an lár.
- Fill an gob síos go dtí bun na bhfillteacha atá díreach déanta.
- Fill an barr síos
- Maraon le céim 1. Fold síos na cúinní barr go dtí lár an leathanaigh.
- Fill an t-eitleán ina dhá leath agus cas é ionas gurb é an ciumhais fada díreach is giorra duit. Fill na sciatháin síos ar uillinn beag (féach na línte poncanna).
- Fill suas gobanna na sciatháin.
- Brú suas do sciatháin agus tá tú réidh le dul ag eitilt!
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.