Achoimre
Is ionann imlíne crutha agus an fad iomlán timpeall theorainn an chrutha.
Is ionann achar crutha agus an dromchla atá taobh istigh dá theorann. Tomhaistear achar i méadar cearnach atá scríofa mar m2
Sampla:
Imlíne: Suimigh tomhais na bhfad agus leithead le chéile: 8cm + 4cm + 8cm + 4cm = 24cm
Nó suimigh fad amháin + leithead amháin agus méadaigh faoi 2: (8cm + 4cm) x 2 = 24cm
Achar: Fad x Leithead: 8cm x 4cm = 32cm2
Tráth na gCeist
Tá gach cró ainmhí ar Fheirm Peataí an fheirmeora John ag fáil sconsaí agus scraitheanna nua. Féach ar an bpictiúr agus oibrigh amach cén imlíne agus achar atá ag gach cró ainmhí. Úsáid nó cóipeáil an tábla thíos do na freagraí.
Cosnaíonn an sconsa don imlíne ar gach cró ainmhí €5 an méadar agus cosnaíonn na scraitheanna chun achar laistigh gach cró a chlúdach €10 an méadar. An féidir leat gach rud a ríomh…
- Cé mhéad a chosnóidh na sconsaí do chró an asail?
- Cé mhéad a chosnóidh na scraitheanna do chró na mbó?
- Cén costas iomlán atá ag na sconsaí agus scraitheanna do chró na láma?
- Cén costas iomlán atá ag na sconsaí do chró na muc agus na siciní?
- Cén costas iomlán atá ag na scaitheanna do chró an asail agus na ngabhar?
Seiceáil do fhreagraí ag bun an leathanaigh
Tráth na gCeist na mBó
Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh. Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.
Freagraí - Tráth na gCeist Imlíne agus Achar:
- 34m x €5 = €170
- 75m2 x €10 = €750
- (40m x €5) + (96m2 x €10) = 1160
- (28m x €5) + (24m x €5) = €260
- (80m2 x €10) + (66m2 x €10) = €1460
Tráth na gCeist na Bó: Ar chlé 13, Ar dheis 15.