Connacht

An fe´idir leat na 5 chontae i gCu´ige Chonnacht a ainmniu´?

Véarsa Ríme

Seo véarsa ríme úsáideach i mBéarla le contaetha na hÉireann uilig a fhoghlaim, cúige ar chúige.

Contaetha na hÉireann

We are Munster's counties fair.
Cork, Kerry, Limerick, Clare,
Waterford, Tipperary here we are,
Welcoming you from near and far.

Leinster is beyond compare,
Dublin, Wicklow, Carlow, Kildare,
Wexford, Offaly, Laois, Kilkenny, Longford and Louth are as good as any.
Meath, Westmeath and that is all, over now to province small.

Connaught is the smallest oh,
Galway, Leitrim and Mayo,
Roscommon, Sligo that's the lot,
Just one more verse for you I've got.

We are Ulster's counties nine,
Let's forget the dividing line,
Donegal, Derry, Antrim, Down, all our counties of renown.
Armagh, Monaghan and Tyrone, Cavan, Fermanagh now all are known.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

Ceisteanna Faoin gCúige

I gceacht an lae inniu thug an Múinteoir John roinnt fíricí daoibh faoi na contaetha i gConnacht. Bain triail as na ceisteanna thíos go bhfeicfidh muid an raibh sibh ag éisteacht. Freagraí ag bun an leathanaigh.

  1. Tá an líon is mó cainteoirí Gaeilge in Éirinn le fáil i gCúige Chonnacht.  Fíor nó bréagach?

  2. Cérbh í banríon na bhfoghlaithe mara ó Chontae Mhaigh Eo a rialaigh an talamh agus na farraigí ar chósta thiar na hÉireann, sa 16ú haois? 

  3. Chan Ed Sheeran amhrán i 2017 faoi chailín as cén contae?

  4. I gcén contae i gConnacht atá Páirc Foraoise Loch Cé?

  5. Cén abhainn a ritheann trí bhaile Shligigh?

  6. Cén sliabh i gContae Mhaigh Eo a fhuair a ainm ó naomhphátrún na hÉireann?

ABAIR LINN: An bhfuil cónaí ort i gCúige Chonnacht?  Inis dúinn faoi na rudaí atá go hiontach faoi do chontae.

Cuirigí grianghraif chugainn don méid atá déanta agaibh.  Iarraigí ar bhur dtuismitheoirí cabhrú leat iad a sheoladh chugainn.

FREAGRAÍ

Mapa Na gContaetha i gConnacht: 1) Maigh Eo 2) Sligeach 3) Liatroim 4) Ros Comáin 5) Gaillimh

Ceisteanna Faoin gCúige:  1) Fíor 2) Gráinne Mhaol / Gráinne Ní Mháille 3) Gaillimh 4) Ros Comáin 5) An Gharbhóg 6) Cruach Phádraig