Creidim Ionat! Tá Foras na Gaeilge, le tacaíocht RTÉ, i mbun comhordú a dhéanamh ar ranganna Gaeilge ar líne atá ar fáil do chách agus do dhuine ar bith, is cuma faoi chaighdeán na Gaeilge atá acu faoi láthair.
Tús maith, leath na hoibre - week one of this year's Creidim Ionat campaign is in full swing! From focloir.ie to going back to basics with online Irish classes, our mentors and mentees have made a great start on their journeys with the Irish language.
Chuir The 2 Johnnies, in éineacht lena meantóir Aindriú de Paor, tús lena n-aistear Creidim Ionat beo ar RTÉ 2FM, trína sprioc a roinnt leis an lucht éisteachta: a singil iomráiteach 'When I Play for the County' a aistriú go Gaeilge. Beidh siad ag roinnt a ndul chun cinn ar a gclár Drive It gach Déardaoin ar RTÉ 2FM, agus mar sin bí cinnte éisteacht leis!
Tá Brendan Courtney agus David O'Reilly i mbun a n-aistear Creidim Ionat freisin, chun eagrán dá bpodchraoladh, 'Any News?', a chur i láthair go dátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, le tacaíocht óna meantóir Sinéad Ní Uallacháin. Beidh siad ag freastal ar Scoil Scairte, rud a thabharfaidh deis dóibh iad féin a thumadh sa Ghaeilge, sa chultúr agus san oidhreacht. Faigh tuilleadh eolais faoi Scoil Scairte trí chlárú do 'Scoil Scairte Discovery Circle' anseo.
Sinéad will guide TV presenter and fashion designer Brendan Courtney and actor and presenter David O’Reilly, of the Any News podcast, as they work towards their goal of recording a bilingual podcast episode, as Gaeilge (agus Béarla!).
Tá grúpaí ar fud na tíre ag fáiltiú Shinéad Ní Uallacháin le léargas a thabhairt di ar mar atá an Ghaeilge ag dul ó neart go neart ina bpobail féin. An tseachtain seo, thug Sinéad cuairt ar Charn Tóchair, pobal tuaithe, ilghlúine i nDoire. Bí cinnte @forasnagaeilge a leanúint ar gach ardán meán sóisialta chun turas Shinéad a leanúint!
It's not too late to take the next step on your own journey with the Irish language! You can still sign up for Irish classes with Gaelchultúr on ranganna.com, using the code CREIDIM-24 to get a 25% discount. Test yourself for free first, and learn Irish in your own time at a level that suits you.
Follow along with the steps the mentors and mentees are taking this week to reach their goals on forasnagaeilge.ie, and be sure to track their progress, and your own, using #CreidimIonat!
Bí ag leanúint #CreidimIonat chun dul chun cinn na meantóirí agus na meantaithe a leanúint agus chun d'aistear agus do sprioc féin a chomhroinnt.
Cláraigh anois ar www.forasnagaeilge.ie agus cláraigh don nuachtlitir chun an nuacht agus tacaíocht ar fad is déanaí a fháil maidir le d’aistear.