I mbliana, beidh Cruinniú na nÓg ar siúl Dé Sathairn, an 6 Meitheamh. Leis an gceiliúradh uile-oileáin seo, óstálfar breis is 1,300 imeacht saor in aisce ar fud an oileáin, agus an chruthaitheacht á ceiliúradh trí cheol, ealaín, sorcas, scéalaíocht, scannánaíocht agus a thuilleadh.
Is í Éire an t-aon tír ar domhan a bhfuil lá náisiúnta aici chun cruthaitheacht daoine óga a cheiliúradh. Iarrann Éire Ildánach ar dhaoine óga rud éigin nua a fhiosrú, an splanc chruthaitheach atá iontu a scaoileadh amach agus a bheith páirteach sa cheiliúradh uathúil cruthaitheachta agus léirithe seo.
I láthair ag an gceiliúradh bhí comhaltaí Youth Theatre Ireland, mar aon le hambasadóirí Youth Theatre Ireland Ella Jurascheck agus Sam Whelan;Megan Hogan, ambasadóir Waterford Walls; Sadhbh White agus Molly Noone, ambasadóirí Circus Explored, agus Robyn Faith Summerbell ó This Is Art! de chuid RTÉ.

Ag cur lena rath anuraidh, beidh imeachtaí oíche faoi stiúir na hóige ar siúl arís le haghaidh Cruinniú Déanach, le tacaíocht ón tionscnamh Geilleagar Oíche de chuid na Roinne, a chruthaigh daoine 13-18 mbliana d’aois agus é ceaptha dóibh, lena dtugtar cuireadh do dhaoine óga teacht chuig spásanna fáilteacha le haghaidh cruthaitheachta, caidrimh agus féinléiriú. I measc na n-imeachtaí tá ‘We Own the Castle’, féile cheoil óige ag Caisleán Shoird, Baile Átha Cliath, ‘Rebel Teen Social Hive’ i gCathair Chorcaí, agus ‘Youth Stage’ i bPáirc an Athar de Búrca i nGaillimh ina mbeidh tráth na gceist, micreafón oscailte, focal labhartha, ceol beo agus seiteanna DJ ó thallann óg 16-18 mbliana d’aois.
Agus Cruinniú na nÓg 2026 á fhógairt aige, dúirt an tAire O’Donovan:
"Leanann Cruinniú na nÓg de bheith ina seoid i bhféilire chruthaitheach na hÉireann, trína gceiliúrtar daoine óga mar chruthaitheoirí, thaibheoirí agus ghuthanna cruthaitheacha. Áirítear le clár na bliana seo breis is 1,300 imeacht saor in aisce ar fud oileán na hÉireann, mar aon leis an gCruinniú Déanach a bheith ag filleadh orainn arís. Soláthraíonn siad seo spásanna tiomanta faoi stiúir na hóige do dhéagóirí le cruinniú, cruthú agus iad féin a léiriú i dtimpeallacht shlán a chruthaigh daoine óga do dhaoine óga. Ó chomhar Oileán Comhroinnte go himeachtaí pobail áitiúla, tá Cruinniú na nÓg 2026 uaillmhianach, ionchuimsitheach agus spreagúil, lena léirítear a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i smaointe, guthanna agus cumas cruthaitheach daoine óga."
Áirítear leis na buaicphointí:
Circus Céilí – Imeacht mar chuid de Circus Explored, arna óstáil ag Irish Street Arts, Circus and Spectacle Network (ISACS), a thabharfaidh daoine óga agus teaghlaigh le chéile chun sorcas a cheiliúradh trí cheardlanna, taibhithe agus comhair chruthaitheacha nua.
Rock the Block – Ceiliúradh ardfhuinnimh ceoil, damhsa agus cultúir sráide faoi stiúir na hóige a bheidh ar siúl sa Seandún i gCorcaigh.
We Own the Castle – Féile cheoil bheo óige suite i dtimpeallacht stairiúil Chaisleán Shoird, áit a dtabharfar deis do thaibheoirí óga bheith i lár an aonaigh.
The Walls Project – Le linn mhí na Bealtaine, tabharfar deis do dhaoine óga oibriú le healaíontóirí gairmiúla múrphictiúr le ceardlanna i 13 shuíomh, áit a ndéanfar dath, dearadh agus teicnící graifítí a fhiosrú chun saothair ealaíne phoiblí ar an mórchóir a chruthú.
Tionóil Youth Theatre Ireland – Tiocfaidh 21 grúpa amharclannaíochta óige le chéile i gcúig mhol réigiúnacha chun comhar, taibhiú agus ceiliúradh a dhéanamh maidir lena gcruthaitheacht mar chuid de thionscadal Youth Theatre Ireland.
This is Art! RTÉ 2026 – Tá comórtas iomráiteach náisiúnta ealaíne Éire Ildánach agus RTÉ ar ais agus ceardlanna agus taispeántais aige ar fud na tíre, ina n-oibríonn ealaíontóirí óga i gcomhar le mórchruthaitheoirí Éireannacha chun cruthaitheacht na hóige a thaispeáint agus a cheiliúradh.
Na hOileáin Árann – Cuirfidh Comhairle Chontae na Gaillimhe deich n-imeacht as Gaeilge ar fáil ar Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr, lena n-áirítear scileanna sorcais, drámaíocht, léaráidí, mósáic, drumadóireacht, spraephéinteáil agus dioscó ciúin.
Tá RTÉ ag tacú le Cruinniú na nÓg trí fheachtas náisiúnta teilifíse, raidió, ar líne agus digiteach. Chun gach eolas a fháil, tabhair cuairt ar https://cruinniu.gov.ie