skip to main content

Ceol, grinn, spraoi agus sídhe ag Púca Festival

Tinte, mórshiúil sídhe, sorcais, margadh an fhómhair agus na ceoltóirí agus fir agus mná grinn mar ábhar siamsaíochta ag Féile Púca na bliana in Átha Buí agus Átha Throim.

Idir Gavin James, Ruaille Buaille, agus fuirseoirí Deirdre O'Kane agus Neil Delamare i measc go leor, leor eile, tá nach mór gach ábhar clúdaithe.

Mhínigh Eoin Mac Donncha, atá ag obair le Fáilte Ireland, do RTÉ.ie/Gaeilge faoin raidhse imeachtaí atá curtha ar fáil ag lucht a eagraithe i mbliana.

"Beidh tine na Samhna á lasadh ar bharr Tlachta ar Oíche Shamhna agus siúlfaidh siad é sin isteach go dtí an bhaile in Átha Buí agus sa Fairgreen ansin lasfaidh siad saghas tine chnámh. Beidh seó agus damhsa agus daoine ag canadh ansin leis an ngrúpa Kíla ag seinnt ann freisin."

An Púca.

"Dé Satharn beidh mórshiúl i mBaile Átha Throim ag tosú timpeall a 6 a chlog agus beidh sé sin ar nós b'fhéidir mórshiúil a d'fheicfeá ag Macnas thiar i nGaillimh le carachtar na cloigne móra."

"Carachtar ón saol eile, nó saol na spride atá tar éis teacht anonn chun an Samhain a cheiliúradh. Agus beidh an Púca ansin freisin ag siúl síos an tsráid. Beidh sé sin an-oiriúnach freisin, beidh sé greannmhar agus beidh siad ag meascadh leis an slua atá ansin."

PYRO i mbun lasadh.

"Beidh gasúir óga ansin cinnte leis na tuismitheoirí ach luath go maith freisin, ionas gur féidir leis na leanaí dul a luí luath go maith."

Tá tá lineup iontach cáiliúil, leathan agaibh ó thaobh ceoil de, ó thaobh greann, bhfuil sé deacair an saghas line-up mar sin a fháil lasmuigh de Bhaile Átha Cliath?

"Tá sé deacair go maith ach b'fhéidir go gcabhraíonn sé mar gheall ar an t-am seo don bhliain, nuair a bhíonns na féilte ann san Earraigh nó san Nollaig agus go leor acu seo ag seinnt in áiteanna eile. Ach seo an séú bliain ag an bhféile Púca anois in Átha Buí agus Átha Throim agus is dócha go bhfuil clú agus cáil ag teacht air."

Hermitage Green.

"Tá go leor leor pleanáil agus eagraíocht curtha isteach ann agus bíonn na bannaí ceoil agus na fir agus mná grinn bookáilte i bhfad i bhfad roimhe Oíche Shamhna."

"Beidh Gavin James ann, BellX1, an banna ceoil Ruaille Buaille, ach tá sár-imeachtaí ar siúl chuile oíche ar feadh 4 oíche."

Margadh an Fhómhair.

"Tá Margadh an Fhómhair ann freisin gach lá óna 11-7 tráthnóna sna Porchlands i mBaile Átha Throim gar don tsean-chaisleáin agus cluichí fichille a bhíodh á n-imirt ag ár sinsear le feiscint ansin maraon le cainteanna agus eolas seandálaíochta le blaiseadh curtha ar fáil ag Ollscoil Bhleá Cliath."

Beidh dhá shorcas ar siúl mar chuid den Fhéile freisin – ceann atá dírithe ar dhaoine os cionn 18, Samhain Circus, ach ceann dírithe ar theaghlaigh, Sorcas na Samhna, chomh maith.

Ó thaobh lóistín de tá óstán Trim Castle agus an Knightsbrook, an Darnley Lodge in Átha Buí agus roinnt mhaith tithe leaba agus bricfeasta sa cheantair.

Fear áitiúil agus a ghadhar sídhe.

Tá nod breise ag Eoin mar fhocal scor do mhuintir an Iarthair a bheadh ag cuimhneamh ar dhul ann.

"Éinne as Conamara a bhfuil gaolta acu i Ráth Cairn, atá gar go maith don dá bhaile, b’fhéidir go mbeidís sin in ann leaba a fháilt lena gcuid gaolta thar an deireadh seachtaine!"

Beidh seirbhísí busanna breise as Baile Átha Cliath, An Uaimh agus Ceannannas Mór, mar shampla.

An teolas ar fad le fáil anseo.

Maireann an Púca Festival ón 31 Deireadh Fómhar go dtí an 3 Samhain.