skip to main content

Iarsmaí - scannán a dhíoraíonn ar an creachadh déantúsáin

Sampla de Dhealbha Cré-umha Bheinin nó na Benin Bronzes.
Sampla de Dhealbha Cré-umha Bheinin nó na Benin Bronzes.

Scrúdaítear oidhreacht choilíneach na hÉireann sa scannán Iarsmaí trí scéal na ndéantúsáin a creachadh ag Éireannaigh ar fud an domhain agus cuid acu i mbailiúcháin sa tír seo féin fós.

Tá iarsmalanna agus institiúidí in Éirinn agus thar lear i mbun a mbailiúcháin a 'dhíchoilíniú' mar gheall, go pointe áirithe, ar fheachtais amhail 'Rhodes Must Fall' agus 'Black Lives Matter', agus mar gheall ar bhéim athraitheach atáthar a leagan ar an gcaoi ar cheart bailiúcháin a chur i láthair in iarsmalanna sa lá atá inniu ann.

Scrúdaítear oidhreacht choilíneach na hÉireann sa scannán Iarsmaí trí scéal na mblaoscanna a goideadh agus a coinníodh i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath a insint; trí phlé a dhéanamh ar an ábhar bundúchasach a ghoid lonnaitheoirí as Éirinn nuair a bhí siad san Astráil; trí chíoradh a dhéanamh ar an mbealach ar éirigh le cuid de Dhealbha Cré-umha Bheinin nó na Benin Bronzes mar a thugtar orthu, a creachadh ón Afraic sna 1890idí, a bheith in Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Eithne Verling, múseam na Gaillimhe.

Príomhláithreacha:

Músaem Cathrach na Gaillimhe Labhróidh Eithne Verling le daltaí Scoil na bhForbacha faoin ról atá ag iarsmalanna agus faoin gcaoi ar féidir le hiarsmalanna tú a spreagadh le machnamh a dhéanamh.

Oxford: Rachaidh Ola Majekodunmi ar Uncomfortable Oxford Tour agus gheobhaidh sí amach faoi stair choilíneach na cathrach sin chomh maith leis an rian a d'fhág an stair sin ar shaol an lae inniu agus í i dteannta Georgia Lin.

Tugtar cuairt ar dhealbh de Cecil Rhodes le linn an turais - tá feachtas leanúnach ar bun chun an dealbh a bhaint anuas.

Ola Majekodunmi le dealbh chré-umha Bheinin.

Lár Chathair Bhéal Feirste: Tarraingeoidh Fearghal Mac Bhloscaidh aird ar gheografaíocht choilíneach a bhaineann le príomhshráideanna agus dealbha Bhéal Feirste (Sráid Chichester, agus an dealbh den Bhanríon Victoria).

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: Casfar Ciaran O'Neill orainn, tá Ciaran atá i mbun Tionscadal Oidhreacht na Coilíneachta a stiúradh.

Míneoidh mic léinn Choláiste na Tríonóide an t-údar ar mhaith leo go n-athrófaí an t-ainm atá ar leabharlann Berkeley (úinéir sclábhaithe a bhí sa bhfear).

Tabharfaidh Ciarán Walsh agus Ciaran O'Neill míniú ar an gcaoi agus ar an údar ar goideadh blaoscanna as reilig in Inis Bó Finne agus ar tugadh iad chuig Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath sa bhliain 1890.

Dr. Ciaran O'Neill, TCD Colonial Legacies.

Pitt Rivers Museum, Oxford: bunaithe ag bailitheoir cáiliúil ó ré Victoria, bhí an iarsmalann ar thús cadhnaíochta i gcleachtais choilíneacha na n-iarsmalann.

Buailfidh Eithne Verling le Laura von Broekhoven, stiúrthóir na hiarsmalainne, agus pléifidh siad an nádúr athraitheach a bhaineann leis an iarsmalann.

Tabharfaidh Ola Majekodunmi cuairt ar chuid de Dhealbha Cré-umha Bheinin, a creachadh óna tír dúchais, an Nigéir, sa bhliain 1897.

Cuirfidh Ola in iúl freisin go bhfuil cuid de na dealbha cré-umha sin anois in Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath.

Marie Coyne, Inis Bo Finne.

Ard-Mhúsaem na hÉireann, Baile Átha Cliath: buailfimid le hAoife O'Brien coimeádaí na mbailiúchán eitneagrafach/coilíneachta a bailíodh nuair a bhí Éire fós mar chuid d'impireacht na Breataine.

Déanann sí an pointe gur goideadh, nó gur tógadh go mí-eiticiúil cuid mhór den bhailiúchán, gur bailíodh cuid de, agus gur bronnadh cuid de – i.e. níor goideadh ná níor creachadh gach rud beo sna hiarsmalanna, ach is iomaí déantúsán iontu a bhfuil sin fíor fúthu.

Buailfidh Ola le hAoife chun labhairt faoi Dhealbha Cré-umha Bheinin agus déanfaidh sí an seans go dtabharfaí na déantúsáin ar ais chuig a dtír dúchais a phlé le stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, Lynne Scarf.

Músaem Uladh, Béal Feirste: Déanfaidh Hannah Crowdy beagán cainte faoi bhailiúcháin Mhúsaem Uladh, lena n-áirítear déantúsáin a fuarthas ar go leor bealaí éagsúla, cuid acu ar bhealaí amhrasacha.

Casfar an grúpa Global Choices Local Voices orainn, grúpa ina bhfuil daoine ó thíortha éagsúla, tíortha ar iarchoilíneachtaí cuid acu.

Déanfaidh siad deantúsáin sa bhailiúchán a phlé agus cuirfidh siad le taispeántas taistil a bheidh ag dul ar fud an Tuaiscirt.

Inis Bó Finne: oileán beag amach ó chósta na Gaillimhe ónar ghoid baill foirne de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath blaoscanna sa bhliain 1890.

Tá muintir an oileán, go mór mór Marie Coyne, le cuidiú ó Chiarán Walsh, ag cur brú ar Choláiste na Tríonóide na blaoscanna a thabhairt ar ais.

Tugadh na blaoscanna ar ais lena n-adhlacadh i mí Iúil 2023, arb é sin radharc deiridh an scannáin.

Dealbh an Amazon in Cotonou, Benin. (Pic: David GNAHA / AFP)

Cathair Bheinin: Tabharfaidh Ola cuairt ar chathair ársa san Nigéir chun labhairt faoi thréimhse na coilíneachta ann.

Feicfidh sí dealbha cré-umha á ndéanamh ar an seanbhealach traidisiúnta agus tabharfaidh sí cuairt ar Iarsmalann Bheinin chun cuid de na dealbha cré-umha atá tugtha ar ais a fheiceáil.

Iarsmaí - Ag díchoilíniú na n-institiúidí, TG4: 9 Deireadh Fómhair 21.30i.n.