Ar Caomhnóirí na Talún, sraith nua ar TG4, feictear an saothrú a dhéanann cúigear feirmeoir de réir mar a bhíonn athrú ar an dúlra i rith na bliana.
Ar fheirm thréad diúil ar Inis Mór, i gceantar álainn Bhoirne i gContae an Chláir agus i gceartlár cheantar déiríochta oirthear Chorcaí, leanann ceamaraí na feirmeoirí agus gnáthóga á gcruthú agus á gcaomhnú ar a gcuid feirmeacha acu, smaointe nua á dtabhairt chun cinn agus modhanna nua á mbeartú chun an dúlra, agus saothrú a gcoda, a chosaint.
Tá meath agus díothú tubaisteach le feiceáil ar fud na tíre maidir leis an éanlaith, leis na beacha agus le plandaí dúchais. Éin a bhíodh coitianta ar thalamh feirme agus i réimsí oscailte tíre, mar shampla an fhuiseog nó an pocaire gaoithe, tá siad i mbaol faoin tráth seo.
Ceaptar saothrú níos déine ar an bhfeirmeoireacht agus ar an bhforaoiseacht le breis agus fiche bliain anuas, mar gheall ar pholasaithe rialtais agus íocaíochtaí dreasachta, ar na príomhchúiseanna leis an athrú tubaisteach seo - de réir mar a tháinig athrú ar shaothrú na talún, mar a rinneadh réimsí bogaigh agus portaigh a thriomú agus a athghabháil, mar a géaraíodh ar an úsáid as lotnaidicíd agus as ábhar ceimice mar leasú talún nó de réir mar a hathraíodh, mar mhodh bainistíochta i ndáil le féarach ó thalamh féir, go húsáid sadhlais.
Bhí achar talún níos fairsinge á shaothrú, rud a d'fhág gur cúinge an réimse atá faoin bhfiadhúlra. Má tá feabhas le teacht maidir le cúrsaí bithéagsúlachta, má tá leathnú ar réimsí gnáthóige le tabhairt i gcrích nó fiú deireadh le cur lena gcúngú, is ar thalamh feirme na hÉireann a tharlóidh sin.
Má tá sin i ndán, is iad na feirmeoirí a mhaolóidh an ghéarchéim agus a chuirfidh an cás ina cheart. Agus tá, mar a tharlaíonn, feirmeoirí ar fud na tíre ag cromadh le tamall anuas arís ar shaothrú na talún i gcomhréir leis an dúlra.
Beidh ceamaraí ag faire ar chúigear feirmeoirí den sórt sin i rith na bliana agus gnáthóga á gcruthú acu, mar shampla locháin, paistí talún faoi neantóga nó logán do bheacha ar an bhfeirm. Ligeann siad do na fálta sceach fás, a theacht faoi bhláth agus faoi thoradh.
Tugann siad athrú suntasach faoi deara ó am go chéile. Athraíonn siad modhanna feirmeoireachta, iníor smachtaithe nó gortbhriseadh a sheachaint go dtarlaíonn athleasú na créafóige ar thalamh diansaothraithe.
Nó cloíonn siad le seanghnáis, mar shampla buailteachas geimhridh, a ligeann do fhlúirse bláthanna fiáine ar réimsí breátha i mBoireann agus ar oileáin Árann. Gan neamhaird a dhéanamh de shaothrú a gcoda féin ón bhfeirmeoireacht a fhéachtar le freastal dá leithéid sin.
Na Feirmeoirí
Tréad beag atá ag Pádraic Ó Flaithearta ar Inis Mór, stoc tirim agus beithígh diúil agus mar a dhéanann na céadta feirmeoirí ar fud oileáin Árann, déanann Pádraic feirmeoireacht ar an seanbhealach i gceann de na réimsí gnáthóg is neamhchoitianta, machaire agus féarach ilspeicis.
Tá feirm déiríochta ag John agus Mary Arnold, lánúin phósta, i dTobar Pártnáin in oirthear Chorcaí. Tá siad ceangailte le B.R.I.D.E [Biodiversity Regeneration in a Dairying Environment], tionscnamh mórshuntasach faoi stiúir na bhfeirmeoirí.
Múinteoir lánaimseartha é Eoin Collins, a dhéanann feirmeoireacht go páirtaimseartha, in éineacht le Michael Collins, a athair, i gCill Fhionnúrach, Co. an Chláir ar thréad beithígh diúil le haghaidh mairteola. Fónann na sean-nósanna feirmeoireachta sa cheantar seo don fhásra ar thalamh Boirne.
Iriseoir í Hannah Quinn-Mulligan a dhéanann feirmeoireacht orgánach i gcomhar lena seanmháthair ar fheirm i gContae Luimnigh mar a bhfuil Hannah ag cur le líon na ngnáthóg agus ag baint triail as modhanna nua feirmeoireachta a fhónann don dúlra.
Tá Norman agus Michael Dunne, mac agus athair, tar éis athrú go dtí modhanna feirmeoireachta athshlánúcháin taobh amuigh de Mhaigh Nuad, iad ag féachaint le húire agus beocht a chruthú in athuair san ithir tar éis blianta fada de dhiansaothrú curadóireachta.
Gach Céadaoin ón 4 Meán Fómhair ar TG4 ag 8.30 i.n.
Léiriú de chuid IWR Media do TG4 © 2024 le maoiniú ó Choimisiún na Meán.