Tá spásanna fós fágtha ar roinnt de na siúlóid ar an Camino Dhún na nGall mar sin má tá snas ar na buaitisí tiubha agus an hip flask lán, tapaidh an deis d'áit a chur in áireamh agus tacú le Cúram Ailse an Iarthair.
Duine de mhuintir na háite atá tar éis gach aon cheann acu a shiúl - agus a dhreapadh - is ea Áine Ní Churráin. Mhínigh sí do RTÉ.ie/Gaeilge fé cúiseanna a bhunaithe agus fén áilleacht agus fiántas atá le blaiseadh acu siúd a bhíonn páirteach.
"Seo go hoifigiúil an ceathrú Camino Dhún na nGall. Bí Peggy Stringer a tháinig aníos leis an smaoineamh. Bean gnó a bhfuil cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath ach gurbh as Carn Domhnaigh in Inis Eoin di ó dhúchas."
"Seacht lá de shiúlóid ar Bhealach an Atlantaigh Fhiáin, a chlúdaíonn siúlóidí chósta, ag dreapadóireacht ar na sléibhte agus siúl fríd foraoiseacha."
"Mheas sí nach raibh mórán aird á thabhairt ar Dhún na nGall ó thaobh na turasóireachta de agus gur cheart aird a tharraingt ar cheantracha áille Dhún na nGall ach mheas sí chomh maith leis sin é a mheascadh le airgead a bhailiú do Chúram Ailse an Iarthar, nó Cancer Care West."
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
"In 2020 rinne sí iarracht féachaint conas a n-oibreodh sé an taisteal a dhéanamh agus ansin tháinig sé le chéile go hoifigiúil in 202. Go dtí seo tá ag éirí go hiontach maith leis mar bhun na huimhreacha ag dul i méid achan uile bhliain agus daoine ag teacht as achan uile cheard."
"Mar sin cuirfear tús le Camino Dhún na nGall na bliana seo ar an Domhnach 1 lá Meán Fómhair agus beidh sé ag dul ar aghaidh go dtí an 7 lá Meán Fómhair, an Satharn dar gcionn."
"Agus ansin téann an t airgead do Chúram Ailse an Iarthar agus go dtí seo le cúpla bliain anuas, tá €160,000 bailithe. Anuraidh bhí sprioc €75,000 agus bhailigh siad €82,155."
"An sprioc atá acu i mbliana ná €100,000 a bhailiú agus go dtí seo tá thar a bheith €70,000 bailithe acu agus tá siad ag iarraidh ar dhaoine ag dul isteach in iDonate agus síntiús a thabhairt. agat airgead a bhí na pápaí é sin a dhéanamh, ach tá ag iarraidh go hiontach maith leis."
Conas mar is féidir le daoine a bheith páirteach ansin teagmháil a dhéanamh?
"Bhuel, ar ndóigh tá fáilte roimh achan duine a thagann ach ag an am céanna caithfidh tú cineál de spriocanna a bheith agat, gan scaifte ollmhór a bheith agat."
"An dóigh a bhfuil siad san am atá i láthair ná na ceantracha atá lán go dtí seo ná Cionn Mhálanna, sin an chéad lá; tá an ceathrú lá, Oileán na Cruite, lán, tá na hArdaí thar a bheith lán agus tá Sliabh Liag lán. Na ceantracha a bhfuil folúntais iontu go dtí seo go fóill ná An Earagail, sin Dé Máirt, an tríú lá."
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Éist le Eithne Ní Ghallchobhair ag léamh a dán fén gcrotach ó The County Measure
"Anois ó thaobh An Earagail de, anuraidh chuaigh muid suas le héirí gréine ag leath i ndiaidh a ceathair ar maidin ach beidh sé ag brath ar an aimsir. Thiocfadh leis a bheith ag báistí mar sin caithfidh siad súil a choimeád ar na meáin shóisialta agus ar suíomh idirlín Cancer Care West agus Donegal Camino."
"Ar ndóigh, tá obair chothabhála déanta ar An Earagail agus tá sé níos fusa siúl suas an An Earagail. Ag an am céanna braitheann sé ar an aimsir ach beimid ag dul ar an An Earagail bealach amháin nó bealach eile."
"Agus ansin tá siúlóid Gay Byrne, tá folúntais ansin go fóill, agus Slí na gCruacha Goirme, tá áiteacha ansin go fóill."
Breis eolais ag Donegal Camino agus Cúram Ailse an Iarthar.