Tugann an léiritheoir neamhspleách, Doireann Ní Bhriain, cur síos ar an aithne a bhí aici ar an iriseoir, feimineach agus gníomhaí chearta shóisialta Nell McCafferty atá imithe ar shlí na fírinne.
Chuir Doireann aithne ar Nell sna 70daí ach go háírithe nuair a bhí sí ag láithriú Women Today, clár ceannródaíoch ann féin, ar a raibh McCafferty go minic le clos.
Thug Nell a gceart do ghuthanna na mban agus bhí sí gníomhach le go leor cúiseanna tábhachtacha a d'athraigh saolta na mban agus a raibh tionchar acu agus aici ar shochaí na hÉireann - ar fud an oileáin.
Níor chuir sí fiacal ann ariamh ach ba chuid den neart a bhí aici an stíl neamhbhalbh - bhí meas ar leith uirthi dá réir, fiú dá gcothódh an stíl sin cancar.