skip to main content

Puccini's La bohème comes home to Caherciveen

Gavan Ring ag tabhairt La Bohéme go Cathair Saidhbhín. 
[Pic: Frances Marshall]
Gavan Ring ag tabhairt La Bohéme go Cathair Saidhbhín. [Pic: Frances Marshall]

Tá La bohème ag teacht go Cathair Saidhbhín le Cork Opera House agus Gavan Ring in éineacht le Féile Cheoil agus Ealaíon Chathair Saidhbhín Chiarraí ar an 4 Lúnasa in Sáipeál Chuimhneachain Dhomhnaill Uí Chonaill.

Cork Opera House (COH) and Gavan Ring, in association with The Cahersiveen Music and Arts Festival will present COH's much-loved production of Puccini’s La bohème on Sunday 4 August 2024 at the Daniel O’Connell Memorial Church in Cahersiveen, Co. Kerry.

"O, soave Cathair Saidhbhín!"

The opera will star Irish and international operatic sensations soprano Rachel Croash as Mimì and tenor Gavan Ring as Rodolfo; Gavan is also executive producer of the project. A revival of the COH 2022 production, the cast is drawn largely from the Cara O’Sullivan Associate Artist Programme – a collective of opera singers brought together by COH in memory of the late, great Cork soprano Cara O’Sullivan.

Le leithscéail do Mhicheál Ó Muircheartaigh uasal, cé nach n-aithnítear Cathair Saidhbhín mar opera stronghold tá sé le cur ar léarscáil dhomhanada an cheoldráma ag tús Mí Lúnasa. Mar aon le Teatro alla Scala, Milano, Bolshoi Mhoscó agus Palais Garnier Pháras tá Sáipéal Chuimhneacháin Dhónail Uí Chonaill aimsithe ag Cork Opera House, Gavan Ring agus Caherciveeen Music and Arts Festival mar láthair ina mbeidh ceoldráma cháiliúil, La bohème, Giacomo Puccini, a léiriú.

Chuir RTÉ.ie/Gaeilge ceist ar mhac an bhaile céanna, Gavan Ring, an é gur chinn sé ar Rodolfo a thabhairt abhaile?

"Sin é go díreach é! Is iontach an ócáid seo. Luann tú Moscó ansin agus Páras agus áiteanna mar sin agus de ghnáth bíonn ceoldrámaí nó opera cosúil leis seo ar siúl, is dócha, i gcathracha agus sna háiteanna uirbeacha sin agus na sna big smokes cosúil le Londain, New York agus pé áit mar sin."

"Mar sin ní tharlaíonn sé seo go minic, go bhfuilimid ag tógáil taispeántas iomlán do La bohème, ceann de na ceoldrámaí is fearr sa domhan agus ceann de na ceoldramaí is fearr a chum Puccini agus an taispeántas ó Cork Opera House a thógáil go Cathair Saidhbhín."

"Bhí sé mar bhrionglóid agam rud cosúil leis seo a dhéanamh leis na blianta anois, ach go bhfuil rud mar seo ag tarlúint, tá sé dochreidte."

Agus thosaigh tú ag obair le Caherciveen Music and Arts Festival nuair a bhí tú 16 ag léiriú agus ag canadh ann in 2004, mar sin tá rotha mór an tsaoil ag casadh siar arís. And its ambitious of you to try to democratise, as you call it, opera and bring it outside the major cities and urban locations but poets in their garrets in Paris's Latin Quarter in 1840, arias and librettos sung in Italian, how can you make this relatable to Irish people today, perhaps unfamiliar with opera?

"Bhuel ag an tús, gan amhras, tá an ceol againn; an ceol aoibhinn a chum Puccini. Pé áit ina mbíonn tú – Páras, Londain, i mBaile Átha Cliath, i gCathair Saidhbhín tá ilíochas an ghrá ann agus tuigeann gach éinne ceol Puccini, i mo thuairimse. Tá sé chomh haoibhinn agus tá an meoin agus na mothúcháin atá soiléir atá ar fáil laistigh den ceol sin."

Giacomo Pucchini. Ní fios gur de shíolraidh Lios Póil, é, ach cá bhfios?

"You don’t need to be an expert to appreciate and feel that music and to enjoy it. So that’s the first thing we have to make a connection with the audience in Cathair Saidhbhín. And then we have the story. It’s a bit of a Romeo and Juliet tale and everyone, hopefully, has that experience and understanding of love. This is a story of love that is famous, that is regularly seen on tv drama and in movies."

"Mar sin tá an tuiscint sin againn mar sochaí chun a bheith macánta. Mar sin leis an gceol sin agus an scéal sin beidh sé an-éasca ceangal a dhéanamh leis an ócáid sin, braithim."

Gan amhras agus is breá le daoine ceoldráma nó musical mhaith, más La-La Land nó Mama Mia nó iliomaid eile atá i gceist.

"Is ceart san agus tá musical déanta ag cumadóir eile, de La bohème, ar a tugadh Rent. Mar a dúirt mé cheana tá an scéal an-cháiliúil go bunúsach."

Ceann mór i Nua Eabhrac timpeall 20 bliain ó shin a bhí in Rent, nach ea? (Mhair an léiriú 12 bliain, bhí sé ar cheann de na seónna b’fhaide a lean ar Broadway.)

"Sin é."

Tá tú ag tógaint cliar mór siar leat, tusa mar léiritheoir agus i ról Rudolfo in éineacht le Cork Opera House agus Cahersiveen Music and Arts Festival ach conas is féidir le daoine fáil amach faoi ticéadaí agus gach rud mar sin de?

"Beidh sé ar siúl ar 4 Lúnasa ag a 4 a chlog agus is féidir leat ticéidí a fháil a ag CorkOperaHouse.ie agus cosnaíonn siad €32. Agus caithfidh mé a rá go bhfuil mé fíor-bhuíoch le do Cork Opera House, le Caherciveen Music and Arts Festival, an fhoireann ar fad ag an Daniel O’Connell Memorial Church agus ár n-urraitheoirí Skellig Six 18, an uisce beatha is fearr in Éirinn, i láthair na huaire!"

And while pretty Mimi, the heroine and Rodolfo’s beloved, is no fat lady, do you have any last minute tips for the tyro audience member how to really get into the mood for their first opera? Is it a long long wait for the clichéd fat lady to appear?

"Níl aon bhean ramhar san opera seo!* An concept atá againn don taispeántas seo ná go bhfuil narrator againn, sí an t-aisteoir Éadaoin O’Donoghue as Corcaigh a bheidh sa ról, agus le linn an taispeántas beidh sise ag teacht isteach leis an comhthéacs a shoiléiriú don lucht féachanna. Mar sin beidh ceol againn den chéad scoth ar chaighdeán idirnáisiúnta ach tá an hook sin ag daoine go mbfhéidir nach mbeidh taithí acu freastal ar opera go dtí seo."

Beidh surtitles os cionn an taispeántas chomh maith leis an reacaireacht ag Éadaoin, mar sin níl aon leithscéal ag éinne atá ag iarraidh léiriú den scoth a fheiscint freastal air agus taitneamh a bhaint as ceoldráma iontach áitiúil.

*(Faraor luann Gavan a tharlaíonn do Mimi ach tá cinsearacht déanta ag RTÉ.ie/Gaeilge ar an gcuid sin; honestly, bíonn gach rud go breá, really.)

"Che caldo spirito!"

Tuilleadh eolais le fáil ag www.corkoperahouse.ie agus gavanring.com/puccini