skip to main content

Ceoltóir Breatnach ar chamcuaird clainne

Siúltán sna crainn ag Tigh Pharnell i gCill Mhantáin
Siúltán sna crainn ag Tigh Pharnell i gCill Mhantáin

Tugann Ryland Teifi agus a iníonacha cuairt Cheilteach ar bhóithre na hÉireann agus na Breataine Bige sa tsraith nua trí chlár seo ar TG4.

Bí in éineacht leis an bhfear déanta agus canta amhrán agus aisteoir Ryland Teifi (Cardigan, Ceredigion) agus lena bheirt iníonacha, Lowri agus Cifa (An Rinn, Co.Phort Láirge), agus iad ag tabhairt turas bóthair ar fud réimsí scéimhiúla tíre in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag sa tsraith nua trí chlár seo 'Ár mBealaí Ceilteacha'. Tabharfar cuairt ar shé chontae ar an turas agus ceiliúradh á dhéanamh ar ghnéithe den chultúr, den stair agus d’áille an dúlra i dhá thír dúchais na dturasóirí, dhá dhúiche ar aon Bhealach Ceilteach amháin.

San Hot Pod ar Thrá Chluain Aodha i nDún Garbháin.

Sa chéad chlár cuireann Ryland, Lowri agus Cifa tús lena gcuid eachtraíochta i bPort Láirge. Seasann siad i dteach tábhairne Mooney’s, i nDún Garbháin, i Lios Mór, i gcathair Phort Láirge agus áiteanna eile. I gContae Loch Garman, feiceann siad Teach Solais Rinn Duáin, téann siad ag cadhcáil le cósta agus fiosraíonn siad an stair truamhéileach a bhaineann leis an long ó aimsir an drochshaoil a ainmníodh as Dún Bróithe. Bíonn siad ag iománaíocht ar an trá i gCurrach Cló agus ar cuairt ag Iarsmalann Éirí Amach 1798 in Inis Córthaidh sula bhfágann siad Loch Garman.

Ar an mbealach chun na pluaise mara i Rinn Duáin.

Sa dara chlár téann an triúr ar aghaidh go Cill Mhantáin áit a mbuaileann siad le seaman agus a bhfeiceann siad na réimsí suaimhneacha tíre thart ar Ghleann Dá Loch agus Chúirt an Phaoraigh. Téann siad go mullach an tsleamhnáin adhmaid is faide in Éirinn agus breathnaíonn ar Teach Avondale, áit chónaithe Charles Stuart Parnell tráth dá raibh. Buaileann leo ansin go contae Penfro (Pembrokeshire) sa Bhreatain Bhean áit a a dtugann siad cuairt ar shléibhte Preseli agus as sin go Pentre Ifan, séadchomhartha ó ré na Neoiliteach. Tumann Ryland agus a chuid iníonacha i gceol agus i scéalta na háite iad féin freisin in éineacht le Einir Dafydd.

Ag Pentre Ifan sa Bhreatain Bheag.

Ar Sir Gaerfyrddin (Carmarthenshire), ceantar ar a dtugtar Gairdín na Breataine Bige, a bheidh cuairt acu sa chlár deireanach, ar Y Mynydd Du (An Sliabh Dubh) agus ar bhaile stairiúil Caerfyrddin (Carmarthen). Baineann siad sult as gnéithe de chultúr na háite le damhsa paitíní traidisiúnta agus baintear preabadh as na cuislí ar abhainn an Teifi. Ar an gcuid deiridh den aistear, tagann siad go Ceredigion, an ceantar lena bhfuil nádúr ag Ryland. Baineann siad taitneamh as áille na trá i Llangrannog, téann siad ar thraein gaile go Pontarfynach (Droichead an Diabhail), agus téann siar bóithríní na smaointe in éineacht leis an amhránaí clúiteach Dewi Pws in Aberaeron. Cuireann siad deireadh leis an turas in Aberystwyth le ceangal na gCeilteach idir an dá thír dúchais acu ina ábhar machnaimh i gcónaí.

Cifa, Lowri agus Ryland sa Cliff Hotel Spa ag Gwbert Ceredigion.

Ár mBealaí Ceilteacha, ag tosnú ar 11 Meitheamh ag 19:30 ar TG4.