skip to main content

An rún amuigh - Conan O'Brien i Ros na Rún le slam balún - ach an mbeidh sé bearáilte ón mbeár?

Conan Gaelach O'Brien, fear seachadta balúin i Ros na Rún
Conan Gaelach O'Brien, fear seachadta balúin i Ros na Rún

Beidh an fuirseoir agus láithreoir teilifíse Meiriceánach le cáil idirnáisiúnta de chuid HBO Max, Conan O' Brien ar dhráma teilifíse Éireannach don gcéad uair ar shraith drámaíochta fadbhunaithe de chuid TG4, Ros na Rún.

Ar an Mháirt an 30 Aibreán ag 8.30pm, castar fear seachadta teasaí ar rógaire agus tábhairneoir Ros na Rún, Tadhg Ó Direáin, agus níl sé chun cur suas le raiméis shotalach Thaidhg. Seasann an fuirseoir agus pearsa teilifíse de chuid HBO Max, Conan O’ Brien an fód le Tadhg agus é mar fhear seachadta nua i Ros na Rún, agus téann siad i mbun argóinte lena chéile i dTigh Thaidhg.

Beidh ar an lucht féachana dílis atá ag an t-aon dráma teilifíse tuaithe in Éirinn fanacht le feiceáil an éireoidh le Vince a chuid balúin don gcóisir a fháil agus an gcuirfidh Tadhg an scrios ar an bpearsa teilifíse cáiliúil Conan O’ Brien as a thigh tábhairne.

Ar an 18ú Aibreán beidh Ros na Rún sna Stáit Aontaithe ar chraoladh speisialta mar chuid de shraith taistil nua de chuid Conan O’ Brien le HBO Max, Conan O’ Brien Must Go. Beidh Ros na Rún mar chuid den gclár ar Éirinn sa sraith, le cláracha eile sa sraith agus Conan O’ Brien ag taisteal san Iorua, sa Téalainn agus san Airgintín.

Conan O'Brien, Luimní, ar sheit Ros na Rún.

Thug Conan O’ Brien agus HBO Max cuairt ar Éirinn in Eanáir le ceann de na sraitheanna uathúla a thaifead mar chuid den sraith Conan O’ Brien Must Go. An príomh-aidhm a bhí aige ná a shinsir i Luimneach a rianú agus cuid de na háiteanna is áille in Éirinn a fheiceáil. Bhí sé mar thús áite ag an bhfuirseoir agus pearsa teilifíse, a dhéanann tagairt dá oidhreacht Éireannach go minic, Gaeilge a labhairt agus ról caimeo a bheith aige ar an bpríomh-shraith drámaíochta de chuid TG4, Ros na Rún, atá anois i sraith 28.

"Getting to work with the cast and crew of 'Ros na Rún’ was a delightful highlight of my trip to Ireland, and I apologize in advance for inadvertantly butchering my Mother Tongue", a deir Conan O’ Brien, fuirseoir agus pearsa teilifíse cáiliúil de chuid HBO Max.

"Tá gach lá dúshlánach ar sheit teilifíse agus sinn ag léiriú 82 clár de Ros na Rún thar sé mhí scannánaíochta, mar sin ní bhíonn ní sheasaimíd siar ó dhúshlán nua riamh" a deir Marion Ní Loingsigh, léiritheoir sraithe Ros na Rún. "Bhí ríméad orainn an iarratas a fháil ó Conan O' Brien gur theastaigh uaidh ról caimeo a bheith aige i sraith 28. Dar ndóigh cé a chuirfeá taobh leis an bpearsa teilifíse agus fuirseoir clúiteach ná Tadhg Ó Direáin s’againne, an ról atá ag Macdara Ó Fátharta. Bhí sé spraíúil le cruthú agus le taifead agus cloisfidh an lucht féachana Gaeilge den scoth ag Conan O’ Brien de chuid HBO, i gcomhrá tobann ach siamsúil le Tadhg".

Tá an Yank sa bhaile.

"Bhí áthas an domhain orainn Conan O’ Brien a bheith linn", a deir Mairead Campbell, bainisteoir léirithe Ros na Rún. "Beirt fhathach teilifíse ó dhá thaobh an Atlantaigh agus iad beirt sáite ina n-oidhreacht agus cultúr Gaelach faoi seach. Chun ár dteanga Gaeilge álainn agus sraith drámaíochta TG4, Ros na Rún a thabhairt chuig lucht féachana nua domhanda, ní fhéadfaimís tús níos fearr ná sin a chuir le 2024".

Tá Conan O’ Brien anois ar an liosta leis na daoine cáiliúla eile a raibh róil caimeo acu ar Ros na Rún thar na mblianta, ina measc an t-aisteoir Stephen Fry, laochra ceoil tíre Daniel O’ Donnell agus Nathan Carter, Francis Brennan ó At Your Service RTÉ, Alan Hughes ó Virgin Media agus mórán eile nach iad. Bhí fonn orthu uilig a bheith mar chuid de chliar Ros na Rún ina bhfuil cúigear aisteoir a bhí ann ón tús ar fad fós ann agus príomhróil acu. Tá 180 duine fostaithe ag Ros na Rún idir chliar agus criú, scríbhneoirí scripte agus foireann léiriúcháin síos tríd an séasúr taifeadta bliantúil.

Craoltar Ros na Rún gach Máirt agus Déardaoin ag 8.30pm ar TG4.