skip to main content

Gaeilge go maith don ghnó dar le suirbhé Amárach Research

Éist le tuairimí an t-údar agus iar-ollamh airgeadais Dr Fionnbarra Ó Brolcháin fé thorthaí an suirbhé ag Amárach Research a léiríonn gur fiú go mór le tomhaltóirí déantús dúchasach.

É sin ráite, níl an deis á thapú ag lucht gnó tarraingt as an mbuntáiste sin, mar a mhínigh sé do Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas le deireanas.

Ach is mó an seans go gceannódh daoine táirgí nó seirbhísí má bhaintear úsáid as Gaeilge ó thaobh fógraíocht nó margaíochta de. Sin a léiríonn torthaí suirbhé a d'fhoilsigh an comhlachta Amárach Research le déanaí.

Níl aon ionadh ar an Dr. Fionnbarra Ó Brolcháin gur mar seo atá agus é ag caint ar ball le RTÉ.ie/Gaeilge.

"Tá éileamh amuigh ansin ag daoine do tháirgí agus seirbhísí atá freámhaithe, dúchasach, áitiúil. Ní bhaineann sé sin leis an nGaeilge ann féin."

"Tá daoine ag lorg rudaí a bhfuil brí fé leith acu leo de bharr go bhfuil aithne nó eolas acu ar cad as a dtagann an táirge sin," arsa Ó Brolcháin.

Cé nach bhfuil figiúirí againn do ráithe lipéadaí ar nós Guaranteed Irish nó Bord Bia Quality Assurance, tá léamh ag Ó Brolcháin ar an ábhar, a luíonn le ciall.

"Má smaoiníonn tú air, mura bhfuil sé sin ag tarlú, cana thaobh a bhfuil na heagraíochtaí sin ag cur lipéadaí ar nós Guaranteed Irish agus eile ar tháirgí agus seirbhísí le fada! Agus tá Love Irish Food ann, chomh maith. Ach níl aon dabht ach go bhfeiceann gnónna sa tír seo - ce is móite den phraghas agus caighdeán bheith cothrom agus ar aon leibhéal - gur breá le daoine rud atá níos dúchasaí d'fháil. Nílim ag rá gur céad-fán-gcéad den phobal atá ann, ach móraimh."

D'aontaigh 73% díobh siúd a d'fhreagair go nglacann siad leis de ghnáth gur gnólacht áitiúil nó faoi úinéireacht Éireannaigh aon cheann a úsáideann Gaeilge sa bhrandáil acu. Dar le Ó Brolcháin go bhfuil sé sin suntasach ann féin. Ach luann sé an 26% (thíos) - an ceathrú cuid díobh siúd a ceistíodh - a bheadh sásta breis a íoc as táirgí nó seirbhísí ina n-úsáidtear an Ghaeilge ann, mar fhigiúr atá ina bhloc mhóir pobal díobh siúd a bheadh ag díol earraí nó seirbhísí in Éirinn. Ach an bhfuil lucht gnó ag éisteacht?

Taighde de chuid Amárach Research a léiríonn bá thomhaltóirí i leith na Gaeilge.
[Grafaic: Ámarach Research, aistrithe ag Gaelchultúr/Coláiste na hÉireann]

Éist leis An Saol Ó Dheas Luan go hAoine 12.08-13.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.