An éireoidh le Sinéad Ní Uallacháin agus Aindriú de Paor cabhrú le David O'Reilly, Brendan Courtney agus na Two Johnnies feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge? Nó an dtiocfaidh an Béarla gránna salach ortha? Lean #CreidimIonat le fáil amach.
Will Sinéad Ní Uallacháin and Aindriú de Paor succeed in helping David O'Reilly, Brendan Courtney and the Two Johnnies to improve their Gaeilge? Or will the evil Béarla get in their way? Stay tuned to #CreidimIonat to find out!
Is cúis ceiliúrtha é do Foras na Gaeilge agus do RTÉ go bhfuil Creidim Ionat ar ais, ar tionscnamh nuálach agus comhoibríoch ar líne atá ann atá dírithe ar fheasacht fhorleathan faoin nGaeilge agus úsáid laethúil na Gaeilge a chothú. Cuirfear tús leis an bhfeachtas Dé Luain seo chugainn, 8 Aibreán 2024 agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 8 Bealtaine.
Creidim Ionat is an initiative of Foras na Gaeilge, in partnership with RTÉ, that seeks to encourage anyone with an interest in Gaeilge to choose their own learning goal. With the help of a mentor and with the wide range of resources available at forasnagaeilge.ie/CreidimIonat, it could be as easy as learning a few phrases, a song as Gaeilge or reading a book.
Is iad an léiritheoir agus láithreoir de chuid RTÉ 2FM, Aindriú de Paor, agus an láithreoir Beo ar Éigean, Sinéad Ní Uallacháin, a bheidh mar phríomhláithreoirí ar fheachtas na bliana seo. Beidh Aindriú ag cóitseáil The 2 Johnnies ar a n-aistear Gaeilge i dtreo na sprice atá acu chun 'When I Play for the County' as Gaeilge a léiriú beo ar an aer don náisiún, agus beidh Sinéad Ní Uallacháin mar threoraí don láithreoir teilifíse agus dearthóir faisin Brendan Courtney agus don aisteoir agus láithreoir David O'Reilly, as an bpodchraoladh Any News, agus iad ag obair i dtreo na sprice chun podchraoladh dátheangach as Gaeilge agus as Béarla ag deireadh mhí Aibreáin.
Beidh Foras na Gaeilge, in éineacht lena gcuid comhpháirtithe, i mbun comhordú a dhéanamh ar ranganna Gaeilge ar líne atá ar fáil do chách agus do dhuine ar bith, is cuma faoi chaighdeán na Gaeilge atá acu faoi láthair. Cuirfear tús le ranganna beo ar líne le Gael Linn ar an 8 Aibreán agus beidh siad ar siúl ar feadh ceithre seachtaine agus beidh ceithre leibhéal i gceist, Glantosaitheoirí, Feabhsaitheoirí Meirgeacha, Feabhsaitheoirí Idirmheánacha, Feabhsaitheoirí Forbartha. I ngach aon leibhéal, beifear ag díriú ar an nGaeilge labhartha chomhráiteach agus is €5 an táille in aghaidh an cheachta.
- Clúdófar réimse ábhair le linn na ranganna, lena n-áireofar cúrsaí teaghlaigh, taistil, siamsaíochta agus ceoil.
- Tá na sonraí ar fad maidir leis na ranganna agus faoin mbealach chun clárú ar fáil anseo: bit.ly/CreidimIonat24 Chomh maith leis sin, cuireann Gaelchultúr cúrsaí féintreoraithe ar líne ar fáil ar ranganna.com.
- Is féidir le foghlaimeoirí tabhairt faoi thástáil mheasúnaithe saor in aisce agus leas a bhaint as an gcód lascaine CREIDIM-2024 ó Creidim Ionat chun lascaine 25% a fháil agus leanúint i mbun foghlama ar leibhéal agus ar luas a oireann do stíl mhaireachtála ar bith.
Anna Davitt, Bainisteoir Cumarsáide Fhoras na Gaeilge: "Bhí lúcháir ar Fhoras na Gaeilge faoin rath iontach a bhí ar Creidim Ionat in 2022, agus tá céim níos faide glactha againn leis an bhfeachtas i mbliana trí lascainí suntasacha a chur ar fáil ar chúrsaí agus ar chláir ar líne trínár gcomhpháirtithe oideachais, Gael Linn agus Gaelchultúr."
Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ: "Tá RTÉ an-sásta a bheith ag co-oibriú le Foras na Gaeilge arís ar an bhfeachtas fíorthábhachtach seo don teanga. Tuigeann daoine a chaitheann an saol trí mheán na Gaeilge gur mhaith le sciar mhaith den phobal i gcoitinne Gaeilge a úsáid agus a shníomh isteach ina saol laethúil. Is sprioc í seo a dtugaimid tacaíocht mhór di in RTÉ agus tá an sprioc chéanna ag an bhfeachtas seo."
Rannpháirtí Creidim Ionat 2023 agus láithreoir raidió agus teilifíse Brendan Courtney: "Tá mé ar bís le bheith páirteach i Creidim lonat i mbliana! Bhí mé ag iarraidh athcheangal leis an nGaeilge le tamall, agus mar sin bhí áthas orm nuair a tháinig an deis seo chun cinn. Is mór an spreagadh é podchraoladh dátheangach a thaifeadadh agus ba mhór an t-éacht domsa go pearsanta é. Bí cinnte go leanfaidh tú ar na meáin shóisialta muid agus muid ag coinneáil suas chun dáta thú ar an dul chun cinn atá déanta againn!"
Bí ag leanúint #CreidimIonat chun dul chun cinn na meantóirí agus na meantaithe a leanúint agus chun d’aistear agus do sprioc féin a chomhroinnt.
Cláraigh anois ar www.forasnagaeilge.ie agus cláraigh don nuachtlitir chun an nuacht agus tacaíocht ar fad is déanaí a fháil maidir le d’aistear.
CUIRFEAR TÚS LEIS AN BHFEACHTAS GAEILGE DÉ LUAIN, 8 AIBREÁN, I GCOMHPHÁIRTÍOCHT LE THE 2 JOHNNIES, BRENDAN COURTNEY AGUS DAVID O'REILLY