Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le hOifigeach Ealaíona An Droichead, Claire Kieran, fén Droichead féin agus fén gcoirmcheol a bheidh ann amárach le Tempest.
Cén sagas ionad é An Droichead?
"Bhuel tá An Droichead ar an bhfód le 30 bliain anuas, rinne muid céiliúradh ar sin anuraidh, an tríochadú bliain. Eagraíocht Gaeilge muid atá suite i ndeisceart Bhéal Feirste. Tá trí choinneáil gnéith ann dár gcuid oibre - Ealaín, Óige agus Gaeilge. An misean atá againn ná an pobal Gaeilge is mó agus is ilchineálaigh in Éirinn a chruthrú. So táimid ag obair sa treo sin le blianta fada anuas. Tá cúram leannaí againn ó bhabaithe go páistí bunscoile agus cúram iar-scoile chomh maith le club óige, fosta. Tá clár Gaeilge againn freisin. Séard tá i gceist leis sin ná, dar ndóigh, ranganna Gaeilge, chomh maith le imeachtaí a spreagann foghlaimeoirí agus Gaeilgeoirí an teanga a labhairt taobh amuid den seomra ranga. Go mbeadh an Ghaeilge mar chuid den saol s'acu. Bíonn lear mór cainteanna againn, turais chun an Ghaeltachta, seimineáir agus eile."
Faoi do chúram féin atá cúrsaí ealaíne?
"Bhuel tá clú agus cáil ar An Droichead mar ionad ceoil. Curaimid béim ar an ceol traidisiúnta. Déanaimid iarracht daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge mar sin toisc an dlúthnasc idir an cheoil agus an chultúr dúchais. Reachtálann muid ceolchoirmeacha go mion minic san Ionad féin ar Shráid Chúic anseo i mBéal Feirste. Bíonn na ceoltóirí is fearr sa tír ar cuairt anseo againn. Bíonn muid ag tacú le healaíontóirí agus na h-ealaíon traidisiúnta go ginearálta. Mar shampla, reachtálann muid Comharchumann Píobaireachta. Tagann píobairí le chéile agus bíonn siad ag roinnt scileanna agus ag foghlaim óna chéile. Reachtáilann muid sin uair sa mhí."
Eagraíonn An Droichead eispearas turasóireachta freisin, an Belfast Traditional Music Trail, agus éileamh ann ag turasóirí ó gach cearn den domhain. Thairis sin eagraíonn siad féiltí agus imeachtaí ar an gceol agus na healaíonn traidisiúnta.
Agus beidh coirmcheoil ar leith ar siúl oíche Shatharn agus grúpa cheoil tradisiúnta, Tempest, ar cuairt chucu.
"Grúpa úr-bhunaithe iad Tempest, ach tá clú agus cáil orthu uilig mar gheall ar cheol traidisiúnta agus an amhránaíocht. Ball den ghrúpa is ea Brendan Mulholland, duine de na fliútadóirí móra na cathrach agus cáil ar bheith ag taisteal ar fud an domhain mar cheoltóir agus mar mhúinteoir. Tá Brendan tar éis seinm sa Droichead cúpla uair thar na mbliantaí, so táimid an-tógtha leis an togra nua seo atá aige. Chomh maith le Brendan tá Aaron O'Hagan, déantóir píb agus píobaire den scoth, maraon le Luke Ward ar an bouzouki agus Bláithín Mhic Cana. Amhránaí í Bláithín a bhfuil ana-bhéim aici ar thraidisiún Oirialla. Tá an grúpa féin fréamhaithe i gceol Chúige Uladh agus tagann sé sin tríd sa cheol acu. Tá albam úr á thaifead acu, cé nach mbeidh sé réidh don gceolchoirm."
Ticéidí don gcoirm ag Tempest (8i.n. Dé Satharn 6 Aib) agus eile le fáil ag www.AnDroichead.com