skip to main content

Gearrscannán Red Lake i bhféile scannán Beverly Hills i mí Bealtaine

Claire Bermingham agus Hazel Doupe, Red Lake.
Claire Bermingham agus Hazel Doupe, Red Lake.

Labhair RTÉ.ie/Gaeilge le Claire Bermingham, comhscríbhneoir agus aisteoir an scannáin Red Lake. Scéal atá ann ina bhfuil miotaseolaíocht, an gaol idir bheirt shiblíneach agus nósanna aisteacha seana-bhunaithe fite fuaite ina chéile.

Inis dúinn fén scéal?

"Tá sé bunaithe ar bheirt leath-deirfiúracha atá ag caoineadh an t-athair acu. Filleann siad ar Loch Deirgeirt, an áit bhreithe aige, lena lúthraigh a scaipeadh. Thréig an t-athair duine díobha, Maddie, an carachtar agam féin, ar oileán sa loch, agus í an-óg. Tá Jess, carachtar Hazel Doupe, ar a céad cuairt chun na h-oileán agus ag iarraidh an gaol siblíneach a dhaingniú."

"Agus í ann, neostar di finscéal fén gCaoránach, ollphéist miteaseolaíoch. Deirtear fúithí go bhfuil sí ina cónaí ag bun in íochtar Locha Deirgeirt. Bíonn searmanas bliaintúil ag muintir na háite, gurb í an Ghaeilge an teanga acu, leis an gcaoránach seo a shásaimh. Áiríonn sé seo íobairt ainmhithe agus rafta tré thine agus gach ar féidir leo an gcaoránach a sháithigh."

"Déanann Maddie, an dúchasach, beag is fiú de seo, mar bhéaloideas áitiúil. Ach cífimid, agus an scéal á nochtadh, mar a chothaíonn faltanas arracht."

"Ceist í, dar ndóigh, an é go bhfuil ollphéist sa loch nó gur mó seans gur nithe laistigh dúinn féin atá fealltach."

Tugann nósanna muintir na háite agus an ollphéist deis do na deirfiúracha díriú ar an ngaol eatartha agus na bóithre éagsúla a shiúladar go dtí sin?

"Go díreach. Cuid mhaith den bhfealtanas seo, eascríonn sé ón mbeirt bheith ag cuimhneamh ar mar a bheadh i gcúinsí difriúila. Tá tuairim éigin ann, gur glas iad na cnoic i bhfad uainn. Agus gur fearr de, uaireanta, gan an chloch a iompú." Tá Jess gan Gaeilge, chomh maith, a chuireann leis an teannas agus leis an nganfhios aici.

Is scannán ann féin é Red Lake, ina bhfuil tús, lár agus deireadh scéala ann. Ach tá súil ag Bermingham é a fhorbairt ina sraith leanúnach. Bhí rath aige ag féiltí éagsúla scannáin - sa Ghaillimh a fuair an chéad taibhiú. Bhí sé á thaispeáint ag Féilte Foyle agus Fastnet chomh maith. Níos déanaí léiríodh é ag féile an ionaid Ghael-Mheiricéanaigh, CIACLA, i Los Angeles. Tugann an léiriú atá ag teacht i Mí Bealtaine ag Féile Beverly Hills, an deis sin. Níl Bermingham dall ar an rath atá ar scannáin Éireannacha ina bhfuil Gaeilge ionta le déanaí. Beidh an chárta sin á imirt aici le spéis a mhúscailt sa scéal mar shraith leanúnach. "Séard a bheadh i gceist sa sraith ná miotaseolaíocht agus béaloideas na hÉireann ag meascadh le traidisiúin na scannán uafáis Meiriceánaigh," a mhíníonn sí.

Terry O'Neill, Claire Bermingham agus Hazel Doupe cois locha.

Siad Terry O'Neill, Hazel Doupe agus Bermingham féin an chliar. Bé Shaun Dunne a stiúiriagh (féach How to Tell a Secret ar Netflix) agus Bermingham féin a léirigh.

Cinnte, tá sí ag obair cheanna féin i mbun léirithe ar scannán nua, New Moons, suite i mBali, fé stiúr Myles Yakisch. Agus is fionntraí í chomh maith a bhunaigh Access America., comhlacht atá dírithe ar phróiséas visa agus ceadúnais oibre Mheiriceánaigh d'aisteoirí a éascú.

Breathnaigh ar Red Lake ar an RTÉ Player anseo