Fógraíodh go bhfuil Gradam na Gaeilge ag Gradaim McNamee 2022 le bronnadh ar an gclár Ógie a rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta le Michelle Nic Grianna & Dónall Mac Ruairí
Cailleadh Brendan 'Ógie' Ó Dufaigh, captaen fhoireann peile f20 Mhuineacháin, go tragóideach i dtimpiste bóthair ar a bhealach abhaile ó chluiche contae ar 16 Iúil 2021. Ní raibh sé ach 19 bliain d'aois.
Is féidir leat éisteacht siar leis an gclár anseo
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Sa chlár seo labhraíonn an láithreoir aitheanta de chuid Raidió na Gaeltachta, Michelle Nic Grianna, le hathair 'Ógie', Breandán, faoi shaol a mhic agus faoin mbaint lárnach a bhí ag an bpeil Ghaelach lena shaol i measc go leor rudaí eile. Labhraítear, freisin, faoin gcabhair agus faoin tacaíocht a thug pobal CLG do Bhreandán agus dá chlann tar éis a bháis thragóidigh. Dónall Mac Ruairí a léirigh an clár.