An bhfuil duine óg i do shaol a bhfuil talainn acu? Tá comórtas á reachtáil ag Cumann na bhFiann dóibh siúd nach miste leo a bheith os comhair an cheamara.

Beidh an comórtas seo á reáchtáil ag Cumann na bhFiann ar líne arís agus sé oscailte do dhaoine idir 13- 18 mbl. d'aois, a bhfuil Gaeilge labhartha acu, le duaischiste de €2,000/£1,750, agus tá sé saor in aisce le páirt a ghlacadh ann.

Is eagraíocht Ghaeilge do dhaoine óga í Coláiste na bhFiann. Tá sé mar aidhm againn an teanga a chur chun cinn mar theanga bheo. Déantar gach iarracht timpeallacht a chruthú ina bhfuil tacaíocht ar fáil do dhaoine óga úsáid a bhaint as an nGaeilge agus éirí muiníneach as a gcumas labhartha féin. Tógtar ar a bhfuil foghlamtha ag na daltaí ar scoil agus cuirtear suíomhánna nádúrtha ar fáil dóibh inar féidir leo an Ghaeilge atá sealbhaithe acu a úsáid. Baintear seo amach trí réimse leathan gníomhaíochtaí spraíúla a chur ar fáil agus deis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh iontu lena gcairde, idir shean is nua.

Tá gach eolas le fáil faoi Slua le Bua anseo