Díríonn an clár ar mar a chuir cultúr na hÉireann le haitheantas an stáit agus na dúshláin a bhí, agus atá, ar thaidhleoirí na hÉireann a shárú sa réimse seo.

Inseoidh an t-iar ambasadóir Seán O'Huiginn dúinn faoi dhúshlán ar leith a chruthaigh Paráid Lá le Pádraig bliain amháin i Nua Eabhrac. Labhróidh Máirtín Ó Fainnín faoin deacracht a bhain le ceist na Gaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta, agus tabharfaidh Donal Hamill cuntas ar mar a chabhraigh sé le comórtas Chumann Lúthchleas Gael a eagrú le linn a chuid ama mar ambasadóir sa tSualainn.

Beidh plé painéil ina dhiaidh sin le Doireann Ní Bhriain, iar-bhall de Bhord Cultúr Éireann agus Cathaoirleach Bhord Stiúrtha Fishamble: The New Play Company; Ola Majekodunmi, bean a rugadh sa Nigéir agus atá anois ina comhalta ar bhord Fhoras na Gaeilge; agus an tOllamh le Stair Paul Rouse ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Is iad Scun Scan Productions a léirigh an clár seo, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Údarás Craolacháin na hÉireann. Is é Dónall Ó Maolfabhail a chuirfidh an clár i láthair.

Dónall Ó Maolfabhail

The programme will focus on the importance of Irish culture in contributing to the state’s identity, and the challenges for Irish diplomats in this area. We’ll hear from former ambassador Seán O’Huiginn about a challenge he had to contend with surrounding the New York St Patrick’s Day parade. Máirtín Ó Fainnín will talk about the question of the Irish language in the Good Friday Agreement, and Donal Hamill will recall his role in organising a GAA competition in Sweden. This will be followed by a panel discussion with Doireann Ní Bhriain, former board member of Culture Ireland and Chairperson of Fishamble: The New Play Company; Ola Majekodunmi, who was born in Nigeria and is now a member of the board of Foras na Gaeilge; and UCD History Professor Paul Rouse from UCD. This series is presented by Dónall Ó Maolfabhail. It’s a Scun Scan Production, with support from The Department of Foreign Affairs and the BAI.