Craolfar Geantraí Lá Fhéile Pádraig ar TG4 ar Lá Fhéile Pádraig ag 9.30pm. Feicfear plúr na gceoltóirí traidisiúnta agus tíre ar an gclár d'oíche mhór cheoil agus chultúir.

I ndiaidh don tsraith teacht chun deiridh deich mbliana ó shin craolfar an clár mar cheiliúradh ar cheol agus oidhreacht na hÉireann agus beidh réaltaí móra an cheoil le cloisteáil ar an gclár – Ina measc beidh Andy Irvine, Mick O’Brien & Caoimhín Ó Raghallaigh, Cherish the Ladies agus beidh taispeántas speisialta le Téada agus beidh na láithreoirí Ciarán Ó Gealbháin agus Pauline Scanlon ag cuimhneamh ar a gcara ceoil a cailleadh le gairid, Séamus Begley.

Beidh Geantraí Lá Fhéile Pádraig ag teacht as tigh ceolmhar Whelan’s i gceartlár Bhaile Átha Cliath agus beidh an ceoltóir Ciarán Ó Gealbháin agus an t-amhránaí Pauline Scanlon ina láithreoirí ar an gclár. Beidh Andy Irvine linn le ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig le hamhráin aoibhne chroíúla lena ghuth binn agus a thionlacan draíochtúil ar an maindilín ochtach. Casfaidh Cherish the Ladies seiteanna buacacha bríomhara dúinn agus beidh sé le feiceáil go raibh an slua faoi gheasa acu.

Ceiliúrfaimid oidhreacht ceoil na tíre seo ar an gclár le dreasa gleoite ó Mick O’Brien agus Caoimhín Ó Raghallaigh, scór bliain ó sheol siad an chéad albam a bhí acu, Kitty Lie Over. Beidh Johnny Óg Connolly i bhfochair a bhanna le píosa ón tsraith, An Cosán Draíochta, a sheinm dúinn agus beidh an grúpa bailéid The Kilkennys linn le Gerry 'Banjo’ O’Connor le cúpla amhrán breá a rá dúinn. Níl aon amhras ach gur cóisir cheoil den scoth a bheidh ar Gheantraí Lá Fhéile Pádraig.

Geantraí Lá Fhéile Pádraig ar TG4 ar Lá Fhéile Pádraig ag 9.30pm