Mhol Cumann Forbartha Chois Fharraige Dé Luain gur cheart Scéim Labhairt na Gaeilge a athbhunú. Phléigh Donncha Ó hÉallaithe an t-ábhar ar an gclár Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Bhíodh Scéim Labhairt na Gaeilge ar bun inár íocadh deontas go teaghlaigh a bhí ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Bhí an scéim ar siúl go dtí an bhliain 2011 tráth ar cuireadh deireadh leis.

Dúirt an gníomhaí teanga Donncha Ó hÉallaithe cé nach ndéanfadh a leithéid de scéim mórán de dhifear dóibh siúd atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge ach go mbeadh sé ar leas na ndaoine a mbeadh an rogha acu Gaeilge a labhairt lena gclann.

Ag labhairt ar sochtheangeolaíocht, deir Ó hÉallaithe go dteastódh 70% den phobal Gaeilge a labhairt chun ceantar láidir Gaeltachta a chaomhnú agus go bhfuil cuid acu ag 50% faoi láthair. Tá Ó hÉallaithe den tuairim go spreagfaí daoine i dtreo na Gaeilge dá mbeadh a leithéid de scéim fós ann.

Éist le Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 5 agus 6.