Sular bhfógrófar Gradam Love Leabhar Gaeilge ag na An Post Irish Book Awards, beidh sliocht ó na leabhair atá ar ghearrliosta na bliana seo á fhoilsiú againn. Seo sliocht as Bádh B'fhéidir le Seán Ó Muireagáin.

An tÉascaitheoir

Tá súil agam nach gcuireann an printíseach isteach ar na dualgais atá orm. Ba sin an chéad smaoineamh a bhí ar intinn an éascaitheora nuair a mhúscail sé an mhaidin sin. Tá gach rud ag obair mar is cóir, níor mhaith liom go gcuirfí isteach ar mo chóras, nó go ndéanfaí aon lagú ar mo cheannas intinne. D'oibrigh an t-éascaitheoir róchrua le blianta fada le go dtiocfadh boc éigin úr isteach leis an chóras a chur chun siobarnaí. Tá gach rud san áit ar chóir dó a bheith. Ná cuireadh sé aon rud as alt—is fuath liom mura bhfuil gach aon rud ina alt féin. Beidh sé i gceart, nár phrintíseach mé féin lá den tsaol, agus amharc anois orm!

Ní raibh mórán cuimhne ag an éascaitheoir ar a óige ach bhí sé cinnte de gur cruthaíodh an printíseach úr seo go díreach mar a cruthaíodh é féin. Ní raibh ann ach breac-chuimhne anois, gan cuimhne róshoiléir aige ar dhuine ar bith ar leith ón tréimhse nuair a bhí sé ag fás aníos; nó ní raibh faill ag duine dlúthchairdeas a chruthú ag an am, ná cairdeas ar bith a chruthú go fírinneach. Scaradh an chuid ab fhearr acu ón ghnáthphobal leis an obair is tábhachtaí a dhéanamh. Bhí na daoine speisialta seo róghnóthach. Níor chaith siad an oíche le duine ar bith ar chaith siad an lá oibre leo ariamh. Sin mar a bhí an córas i gcónaí.

Bhí an chéad seacht mbliana dá shaol caite san fhiosrúlann; mar a chaith gach páiste den rang sin iad. Seo an áit a dteachaidh gach páiste speisialta i ndiaidh a mbreithe, le go ndéanfaí dianfhiosrú ar a bpearsantacht; agus bhí sé cinnte gur chaith an printíseach úr seo an chéad seacht mbliana in áit díreach cosúil leis an áit ar chaith seisean iad. Ní raibh a fhios ag an éascaitheoir cá dteachaidh páiste ar bith nach dteachaidh isteach san fhiosrúlann, níor fhiosraigh sé sin ariamh, cad chuige an bhfiosródh?

Fiosraítear pearsantacht an pháiste san fhiosrúlann le fáil amach cén cineál oibre a bheadh fóirsteanach dóibh. Sin a míníodh dó ón chéad lá. Ní dhéanann siad meancóga—ní dhearna siad meancóg ar bith liomsa, a dheimhnigh sé dó féin, gan fios aige cad chuige. Roghnaíodh gach uile duine a bhí ag obair don phobal, roghnaíodh iad ar an dóigh sin.

Chuimhnigh sé an t-aon uair amháin ar éirigh duine de na páistí eile san fhiosrúlann tinn–—mar a chur a stiúrthóir féin síos air ag an am—nuair a b’éigean é a chur a chodladh. Chuimhneodh sé ar an pháiste sin ó am go ham ach níor fhiafraigh sé ariamh cad é a tharla dó ná níor cheistigh sé an córas ariamh ach an oiread. Sin go díreach mar a bhí rudaí. Níor cheap sé go mbeadh sé féin ag obair san áit a cuireadh na daoine sin a bhí tinn: An Chóir Chodlata.

B’annamh a tharlaigh a leithéid de rud agus tinneas a theacht ar dhuine sa Chóir Chodlata féin, agus mar a dúradh leis ariamh anall, ní fiú an locht a chur ar an chóras mar gheall gur éirigh duine amháin tinn. Chuir an t-éascaitheoir an smaoineamh sin as a chloigeann láithreach agus mheabhraigh sé siar arís ar a óige go dtí an t-am ar bhain sé ocht mbliana amach. Ar nós gach páiste a bhaineann an aois sin amach, cuireadh an t-éascaitheoir ar aghaidh go dtí an ullmhúlann; bhí ullmhúlann ann do gach cineál oibre agus gach cineál duine. Ba chuimhin leis an eagla a bhí air ag dul isteach ann ar tús, athrach ollmhór sa chur chuige agus sna nósanna a chleacht sé san fhiosrúlann.

Ba é anseo, ar an chéad lá, a míníodh dó an cineál oibre a d’fhóir dá phearsantacht féin agus go n-ullmhófaí é don obair sin as sin amach san ullmhúlann seo. Níorbh fhada go dtáinig sé isteach ar chleachtais na hullmhúlainne. Scoil, de chineál, a bhí ann ach í dírithe go hiomlán ar riachtanais an phoist a d’fhóir don duine go pearsanta. Cé nach raibh droch-chuimhne ar bith aige ón tréimhse sin, níor chuimhin leis duine ar bith eile ón am sin ach an oiread. Ní hé nach raibh glacadh le caidrimh shóisialta san ullmhúlann, ní raibh an t-am agat ach don chaidreamh oibre amháin.

Bhí an saol crua go leor san ullmhúlann ach saol ordúil ab ae é agus thaitin sé sin go mór leis an éascaitheoir. Mura raibh an neamhord éigníoch dúghabhálach air roimhe sin, agus is léir go raibh, cuireadh bailchríoch air san ullmhúlann.

D’fhoghlaim sé gach rud faoin bhunreacht agus rialacha uile na sochaí, mar a bhain sé lena chuid oibre féin. Greadadh isteach ina chloigeann óg lá i ndiaidh lae a thábhachtaí a bhí ord agus nach dteachaidh rud ar bith thar ordaithe. Is anseo a tugadh stair na sochaí dó agus cad é mar a bunaíodh an tsochaí agus a uafásaí a bhí an saol nuair nach raibh ord ar bith ann agus mar a bheadh arís mura mbeadh ord ann.

Chuimhnigh sé nár éirigh le gach páiste san ullmhúchán. Ba leathchuimhin leis gasúr beag amháin agus a thréaniarracht déanta aige gan rialacha na hullmhúlainne a shárú, ach theip air gach uile uair. Labhraíodh an gasúr sin le daoine eile, thógadh sé ceisteanna nuair nár fhoghlaim sé rudaí mar is ceart. Bhí trua ag an éascaitheoir dó; níor thuig sé cad é mar a fuair an gasúr beag dearmadach isteach san ullmhúlann ar an chéad dul síos.

Bronnfar na duaiseanna ag ócáid speisialta ar an 23 Samhain i mBaile Átha Cliath