Labhair Louise Ní Mhuircheartaigh le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin All Star a bronnadh uirthi an tseachtain seo caite.

Bronnadh Gradam Réalt peile na bliana air Louise Ní Mhuircheartaigh an deireadh seachtaine seo caite. Seo an tríú ceann faighte aige Louise. D'aimsigh sí 4-24 sna cluichí craoibhe i mbliana, agus tá sí súil leis an mbliain seo chugainn arís.

Cé gur éirigh go hiontach le foireann Chiarraí i mbliana, deir sí go bhfuil sí ag féachaint chun cinn arís ar an gCraobh arís don bhliain seo chugainn. Cénach mbeadh sí ag lorg aon ghradam, a deir sí, toisc gur cluiche foirne í an pheil go bhfuil sé go deas aitheantas a fháil ar an tiomantas.

Tá Louise agus a foireann ar ais ag traenáil sa gym ag ullmhú don chéad sraith eile agus í ag iarraidh an Corn mór a thabhairt ar ais go Corca Dhuibhne an bhliain seo chugainn. Cé go bhfuil Louise ag imirt le fada an lá, deir sí go bhfuil an dúil sin níos mó ná mar a bhí ariamh sa chaid.

Éist le An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.00-1.00