Tá sé in am againn ar fad peann a chur le pár agus litreacha a chur go Daidí na Nollag. Tugann Tuismitheoirí na Gaeltachta tacaíocht dóibh siúd atá ag iarraidh a litir a scríobh i nGaeilge chuig an Mol Thuaidh agus freagra a fháil ar ais trí Ghaeilge!

Más maith leat scéal a chur chuig Daidí na Nollag, caithfidh sé a bheith sa phost roimh an 6 Nollaig agus tá gach eolas eile thíos. Bí ag súil le freagra ón bhfear mór go luath ina dhiaidh sin.

Ná déan dearmad go mbeidh An Late Late Toy Show ar siúl Dé hAoine beag seo, 25 Samhain.