Labhair Eoin Ó Catháin le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar an mbaol atá ann go gcuirfear deireadh le Twitter, an t-ardán is tábhachtaí do phobal na Gaeilge.

Ag caint le hÁine, labhair Eoin faoi bhuaicphointí Twitter le blianta beaga anuas; idir scéalta na hÉireann, Twitter na nGael, spás sabháilte an ardáin don teanga agus an comhrá leanúnach. Luaigh Eoin go dtéann na deacrachtaí atá ag an ardán anois siar chuig an uair gur cuireadh cosc ar Donald Trump ó Twitter agus go raibh Elon Musk ar buile faoi.

Tá an Ghaeilge an-láidir ar an ardán le blianta anuas, thar aon ardán eile ar na meáin shóisialta agus níl fhios againn cá rachaidh an slua anois.

Luaigh Eoin an tábhacht a bhain le Twitter sa dá reifreann deireanach agus daoine ag cruthú scéil agus stair na hÉireann, ar na meáin shóisialta.

Eoin Ó Catháin

Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5.

Eoin Ó Catháin

Éist le Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Déardaoin agus Dé hAoine idir 3 agus 5.