Sular bhfógrófar Gradam Love Leabhar Gaeilge ag na An Post Irish Book Awards, beidh sliocht ó na leabhair atá ar ghearrliosta na bliana seo á fhoilsiú againn. Seo sliocht ó Bláth na dTulach, díolaim speisialta a dhéanann comóradh ar an ghearrscéalaíocht chomhaimseartha Ultach.

Bláth na dTulach:

Sliocht as 'DEIREADH', gearrscéal le hAntain Mac Lochlainn

...’tá sise ag glaoch ar mhic tíre na dúiche, ag iarraidh iad a theacht faoina déin. Má ghlaonn muidne uirthise ina canúint fhéin, nach amhlaidh a thiocfaidh sí chugainne, sa dóigh is nach mbeidh againn le dul sa tóir uirthi amárach?’

‘Canúint!’ arsa Dónall agus d’éirigh ina sheasamh. Le dua a d’ardaigh sé a sheancholainn ón talamh, agus bhí pian ina ghlúin dheas a bhí ag méadú ar a dhrochaoibh. ‘Canúint! Dar ndóigh, ní peata d’éan gallda atá inti le go dtiocfadh leat urlabhra a theagasc di.’

Chuaigh sé a shiortú i mála eile a bhí caite ar chraobh íseal aige, gur bhain amach toirtín aráin agus giota cáis chrua – deireadh an lóin bóthair. Chuir sé Mánas chun an tsrutháin fá dhéin deoch uisce, ní cionn is go raibh tart air ach díreach le bomaite suaimhnis a bheith aige. Dheamhan mórán ocrais a bhí air ach oiread; bhéarfadh sé an bia don té a rachadh sé ar sochar dó, don duine óg.

In ainneoin a thuirse, bhí a fhios aige nach gcodlódh sé néal, ach ina dhiaidh sin is uile ní raibh fonn comhrá ar bith air. Óir is beag ní a dhéanadh Dónall le fonn san am. Luach sé phunta a bhí ar cheann an bhaineannaigh úd a bhí á fógairt fhéin amuigh ar an airdeacht, sé phunta a bheadh fóinteach aige ina laethanta liatha. Ach ligfeadh sé a ceann léi. Ar maidin le spéarthaí an lae, bhéarfadh Dónall Ballach a aghaidh ar Dhún Geimhin, ní ag ceannacht conairt úr ach ag iarraidh cead cónaí i dteach a dheirfiúra a bhí pósta ar scológ ann. B’fhéidir go mbeadh gnoithe ag fear an tí le Mánas.

Ní raibh an gasúr i bhfad gur phill sé. Ba mhaith leis a thabhairt le fios nár ní ar bith aige a bheith leis fhéin i measc na gcrann dorcha, ach bhí a mhalairt de bhrí le baint as a choiscéim dheifreach agus a chuid feadalaí gan cheol. Ní raibh focal as fad is a bhí sé ag cognadh an aráin. An té a bheadh ag coimheád ar a ghnúis bheag chruinn agus í lasta i solas na tine, déarfadh sé gur ghasúr beag meabhrach a bhí ann. Chuimhnigh Dónall ar an tseanfhocal – féadann amadán cuma chríonna a bheith air, fad is nach ndeir sé a dhath. Ach b’éagórach dó é nó ní amadán a bhí i Mánas. Is é rud nach raibh a fhios aige an dóigh le cúrsaí an tsaoil a scagadh. B’fhéidir go raibh Dónall mar sin lá, ach má bhí ní raibh cuimhne aige air.

‘Seo,’ arsa Dónall agus shín dorn druidte i dtreo a chuibhreannaigh óig. D’oscail sé amach a chuid méar gur nocht an bronntanas i gcroí a bhoise.

Is é a bhí ann fiacail mac tíre, d’fhiacail fhada bhánbhuí, í feistithe i mbarr ornáideach airgid a raibh slabhra curtha trí pholl ann.

‘Tá sin á chaitheamh faoi mo léinidh agam ón uair a chuaigh mé leis an cheird seo,’ arsa Dónall. ‘I bhfad siar.’

D’aithin Mánas an rud a bhí ann; dhearc sé go minic í le linn dá mháistir a bheith á fholcadh fhéin. Ón chéad uair a leag sé súil uirthi, ba mhaith leis aige fhéin í, ach ní mar áilleagán. Is ea, bhí barr airgid air a bhí maisiúil ach fiacail faolchú a bhí ann i gcónaí – fiacail a réab agus a sháigh agus a chuaigh i bhfeoil, fiacail a stoitheadh as cloigeann mac tíre.

Agus thuig an gasúr gur suaitheantas ceirde a bhí ann fosta; ní raibh sealgaire ó Chorcaigh go Málainn nach raibh a leithéid faoina mhuineál aige. Ba mhar gheall air sin nár sciob sé an bronntanas as láimh a mháistéara chomh tiubh géar agus a síneadh chuige é. Cad chuige a dtabharfadh Dónall Ballach a dhintiúirí uaidh mar sin?

D’aithin Dónall an mhoill a bhí ar a ghiolla, agus bhain míbhrí as. Bhí cloigeann an ghasúir lán pisreog. ‘An fíor,’ a d’fhiafraigh sé lá, ‘an fíor go ndéantar balbhán de dhuine nuair a tchí sé mac tíre?’ An té a bhfuil titeamas air, ní thiocfadh taom creatha air dá gcuirfí cumhdach de chraicne faolchú air – chreid sé sin agus rudaí eile a bhí níb’ iontaí ná a chéile. D’fhéachadh Dónall le ciall a chur ann ach níor luaithe a bhréagnaíodh sé pisreog amháin ná go mbíodh tuilleadh amaidí á spalpadh ag an ghasúr. ‘Deirtear go dtéann an Diabhal i riocht mac tíre in amanna,’ a dúirt sé, lá, agus d’amharc ar a mháistir go bhfeicfeadh sé cad é a déarfadh sé leis sin.

‘Déanaim amach,’ arsa Dónall, ‘go mb’fhearr dó dul thart i gcraiceann duine – an cine is gaire gaol dó.’

Sin mar a bhíonn an caidreamh idir Mac an Duine agus Clann na Coilleadh: ainbhios agus eagla.

Bronnfar na duaiseanna ag ócáid speisialta ar an 23 Samhain i mBaile Átha Cliath