Labhair Máire Uí Chinnéide le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina hoideas le císte na Nollag a dhéanamh.

Dúirt Máire atá ina saineolaí ar chíste Nollag gur a luaithe is ea is fearr na císte Nollag a dhéanamh ach braoinín fuisce a chaitheamh isteach iontu gach seachtain le go mbeidh siad deas úr, taise faoin Nollaig.

Meascán de thorthaí risiní, silíní chomh maith le mixed peel agus píosa úll freisin, a chuireann Máire isteach ina císte.

Teastaíonn císte deas bog, taise uait nuair a osclaíonn tú do chíste timpeall na Nollag, a deir Máire. Cé go ndéanann sí an dá chruth, cearnógach agus ciorcalach, deir sí go bhfuil an císte ciorcalach níos fusa don tosaitheoir.

Éist leis An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00