Labhair muid leis an gcraoltóir Áine Ní Bhreisleáin mar gheall ar na frásaí is mó a thaitníonn léi óna gceantar dúchais, Gaoth Dobhair.

Ag tarraingt uisce ar do mhuileann féin

Seo ráiteas a úsaidim nuair atá duine ag iarraidh a bheith ag baint leasa nó buntáiste as rud nó gníomh, ar mhaithe leo féin. Ní fá chroí mhór mhaith atá tú a dhéanamh, ach ar do shon féin.


Codladh ina sheasamh de dhuine

Masla atá anseo , duine nach bhfuil mórán beocht iontu, cha dtiocfadh leat brath orthu le rud a dhéanamh, cha mbeadh spreagadh ar bith iontu - níl a fhios agam an bhfuil leagan Gaeilge ann de ach is cur síos ar dóigh é ar dhuine a dteastaíonn croitheamh maith uathu!

Ceannaigh sean rud is bí gan aon rud

Ní aontaím féin le seo anois, i saol seo an chaipitleachais tá sé tábhachtach rudaí a athúsáid agus a chuir ar aghaidh ó dhuine go duine. Fada an lá ó shin bhí stádas agus tábhacht ag baint le rud a cheannacht a bhí ard chaighdeán, fiúntach agus a mhairfeadh. Sa lá atá inniu ann ceannaíonn muid go leor ach níl an caighdeán iontu mar sin bhfearr go minic pilleadh ar na sean rudaí!

Áine is taking part in Creidim Ionat an innovative and collaborative online initiative aimed at nurturing widespread awareness and everyday use of Irish. Find out more here